Written answers
Monday, 11 September 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
Marc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
788. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht a tuairimí maidir le méadú ar an deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí do Choláistí Gaeilge do cúrsaí samhraidh do mhic léinn atá ag fanacht i lóistín an Choláiste, chun filleadh ar an leibhéal tacaíochta a bhí ar fáil roimh an gcúlú eacnamaíochta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37341/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1 milliún foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972.
Tugadh ardú beagnach 20% ar dheontais aon-oíche faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Mar thoradh air seo, ardaíodh deontas do bhrú nó lóistín coláiste ar bhonn pro-rata ón ráta €5 in 2019 go €6 ag tús 2022 agus ansin go €7 ag deireadh na bliana seo chaite. Seo an t-ardú is suntasaí ar an deontas seo le deich mbliana anuas.
Le bliain anuas tá céimeanna eile glactha i dtaobh tacú le Scéim na bhFoghlaimeoirí atá dírithe ar fhás agus ar fhorbairt na h-éarnála:
* Ardaíodh fá 20% an deontas a íoctar le teaghlaigh aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne ó €10 go €12. Faigheann teaghlaigh íocaíocht laethúil ó choláistí chomh maith le fóirdheontas laethúil €12 na Roinne.
* Ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó €2,000 go dtí €6,000. Is ardú ionann le 300% é seo. Leathnaíodh na hearrí a ceadaíodh faoin deontas freisin chun bunchleapacha agus tochtanna a chlúdach.
* Ardaíodh uaslíon na scoláirí ar iostas a bhí ceadaithe ó 12 go 16.
* Ardaíodh go suntasach an ciste atá ar fáil faoin tionscnamh DEIS Gaeltachta chun deiseanna breise a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.
* Ina theannta sin, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do scéim ÁRAINN Gaeltachta a thugann deis do dhaltaí iar-bhunscoile ar fud na hÉireann bliain scoile iomlán a chaitheamh ag freastal ar mheánscoil ar cheann d’Oileáin Árann. Cuirtear breis is €150,000 ar fáil gach bliain chun tacú le suas le 30 dalta iar-bhunscoile.
Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.
No comments