Written answers

Monday, 11 September 2023

Department of Communications, Climate Action and Environment

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

69. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment an n-aontaíonn sé gur chóir go mbeadh saoránach in ann iarratas trí Ghaeilge a dhéanamh ar na deontais atá ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; agus an bhféachfaidh sé chuige go mbeidh an rogha sin ar fáil do phobal na Gaeltachta agus d'aon saoránach eile ar mian leo cur isteach ar na deontais atá ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann [37195/23]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann laistigh de théarmaí tagartha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 arna leasú in 2021.

  • Cuireann an tÚdarás fáilte roimh comhfhreagras i nGaeilge.
  • Foilsíonn an tÚdarás an Tuarascáil Bhliantúil agus a chuid stráitéisí i mBéarla agus i nGaeilge.
  • Tá stáiseanóireacht, comharthaíochta agus postfhógráiocht an Údaráis i mBéarla agus i nGaeilge.
  • Cuireann an tÚdarás an sciar éigeantach ar a laghad dá fhógraíocht ar fáil trí Ghaeilge.
  • Maidir le hiarratas a dhéanamh trí Ghaeilge ar na deontais atá ar fail, tá an tÚdarás ag féachaint faoi láthair ar an gcaoi is éifeachtúla agus is éifeachtaí chun na hoibleagáidí faoin Acht Leasuithe 2021 a thabhairt isteach dá chórais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.