Written answers
Thursday, 13 July 2023
Department of Education and Skills
Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
362. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil Tuarascáil Réitigh Foirgníochta (BFR) curtha ar fáil do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin chun gur féidir le scoil (sonraí tugtha) foirgneamh buan nó foirgnimh bhuana a bheith aici amach anseo ar shuíomh amháin. [34811/23]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
363. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a chuirfear suíomh buan ar fáil do scoil amháin (sonraí tugtha) atá scaipthe thar dhá shuíomh faoi láthair i seanfhoirgneamh nach bhfuil oiriúnach chun oideachas ceart a chur ar dhaltaí an Ghaelcholáiste, gan aon spás taobh amuigh ná clós scoile a bheith ag an nGaelcholáiste, agus seomraí ranga an Ghaelcholáiste a bheith gan solas an lae cheal fuinneoga. [34812/23]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 362 and 363 together.
Tá tionscadal tógála don scoil dá bhfuil tagairt déanta ag an Teachta mar thosaíocht ag mo Roinn agus tá sé ar intinn againn an treoir chóiríochta don tionscadal seo a chur chun cinn a luaithe is féidir.
Idir an dá linn, tá mo Roinn ag obair le pátrún na scoile chun dóthain cóiríochta a chinntiú do riachtanais eatramhacha na scoile, fad a bhíonn soláthar an phríomhthionscnaimh idir lámha.
I measc na bpríomhthosaíochtaí do chlár oibre mo Roinne tá leanúint le soláthar láidir chun tacú le feidhmiú an chórais scolaíochta le haird ar leith ar phleanáil chun cinn don scoilbhliain 2023/24 agus ina dhiaidh sin agus freisin le haird ar leith ar thacú leis an soláthar riachtanas speisialta.
No comments