Written answers

Thursday, 13 July 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

92. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí buartha faoin titim leanúnach ar líon na gcainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht atá léirithe i nDaonáirimh 2016 agus 2022; agus an aithníonn sí go léiríonn seo go bhfuil géarchéim teangeolaíoch sa Ghaeltacht; agus ráiteas a thabhairt faoi conas dul i ngleic leis an bhfadhb. [34778/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is léir ó thorthaí Daonáireamh 2022 go bhfuil dúshláin ar leith don teanga ós ár gcomhar. É sin ráite, tá torthaí dearfacha le feiceáil sa Daonáireamh freisin. Tá le feiceáil ó na torthaí a foilsíodh go bhfuil ardú 6% tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Stát ó 1.76m go 1.87m agus go bhfuil ardú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta lonnaithe.

Tá raon leathan gníomhaíochtaí á maoiniú agus á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le húsáid na teanga sa Ghaeltacht agus chun líon na gcainteoirí a mhéadú sna blianta amach romhainn. San áireamh anseo, tá an próiseas pleanála teanga atá tagtha faoi bhláth anois, Clár Tacaíochta Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne, seirbhísí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta agus cinn eile nach iad.

Anuas air seo uile, tá obair ar bun ag mo Roinn ar mhaithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2021 a chur i bhfeidhm - obair a chuirfidh le caighdeán agus leibhéal na seirbhísí phoiblí atá ar fáil do phobal na Gaeltachta ina dteanga féin.

Is cinnte go mbeidh torthaí Daonáireamh 2022 mar áis do mo Roinn agus í ag díriú isteach ar bhealaí nua le cur leis na gníomhaíochtaí sin ar mhaithe le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.