Written answers
Wednesday, 12 July 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
136. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht liosta de cruinnithe an Coiste Chomhairleach a bunaíodh é faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 agus cén dul chun chinn atá maidir leis an Plean Náisiúnta agus na Caighdeáin bheith foilsithe; agus an feidir léi na dréacht-chaighdeáin a bhí geallta trí bhliain ó shin sular ritheadh an Acht a fhoilsiú. [34781/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ar an 20 Meitheamh 2022 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, rinneadh ocht gcruinniú a thionól go dtí seo ar na dátaí seo a leanas:
- 25 Iúil 2022;
- 26 Lúnasa 2022;
- 28 Deireadh Fómhair 2022;
- 25 Samhain 2022;
- 16 Nollaig 2022;
- 27 Feabhra 2023;
- 28 Aibreán 2023; agus
- 30 Meitheamh 2023.
Leis an taighde agus leis an bPlean seo, beifear ag breathnú ar:
- na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge mar atá faoi láthair a aithint agus straitéisí a mholadh chun dul i ngleic leis sin;
- na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) a aithint agus straitéisí a mholadh chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe i LPT agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge;
- staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge san earnáil phoiblí a aithint;
- moltaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí earcaíochta de.
Maidir leis na caighdeáin teanga atá luaite ag an Teachta agus atá lárnach chomh maith don todhchaí maidir le seirbhísí Stáit d’ardchaighdeán trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal, tá obair ar siúl ar bhonn leanúnach ag oifigigh mo Roinne i dtaca lena ndréachtú.
Tugadh feidhm don fhoráil ábhartha den Acht nua (Alt 9) a thugann stádas reachtúil do na caighdeáin ar an 15 Márta 2023. Tá próisis comhairliúcháin ar leith leagtha síos faoi Alt 19A.(6) den Acht leasaithe anois maidir le forordú caighdeán teanga, eadhon:
- dul i gcomhairle le hAirí eile de chuid an Rialtais;
- comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach;
- próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil thar thréimhse 3 mhí; agus
- próiseas comhairliúcháin a reáchtáil leis na comhlachtaí poiblí ábhartha thar thréimhse 3 mhí.
No comments