Written answers
Wednesday, 12 July 2023
Department of Transport, Tourism and Sport
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
78. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén fáth nach féidir cur isteach ar cheadúnas tiomána ar líne trí Ghaeilge, an bhfuil sé i gceist aige é sin a athrú, agus an bhfuil aiféal air nár luaigh siad nach bhfuil seirbhís ar líne ar fáil i nGaeilge chun a éileamh nuair a dúirt a Roinn leis an Comhchoiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Phobail Labhartha Gaeilge ar an 5ú Iúil 2023 go bhfuil an t-éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge ‘an íseal ar fad’. [34581/23]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, trí mheán na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána, atá freagrach as ceadúnú tiomána.
Tuigtear dom go bhfuil sé leagtha amach i gconradh oifig thosaigh na Seirbhíse go mbeadh teacht ag an bpobal ar sheirbhísí trí Bhéarla nó trí Ghaeilge, scríobhtha agus labhartha araon.
Chomh maith le sin, tugtar freagra Gaeilge ar cheist Gaeilge ar bith a chuirtear ar an gcúloifig, agus déantar iarratais Gaeilge ag an oifig thosaigh, nó iarratais phoist sa Ghaeilge, a phróiseáil trí Ghaeilge. Tá chuile foirm iarratais ar fáil trí mheán na Gaeilge ar suíomh idirlíon na Seirbhíse.
Cé go bhfuil foirmeacha iarratais Gaeilge don cheadúnas tiomána agus don cheadúnas foghlaimeora ar fáil ar líne ar féidir a íoslódáil agus a phriontáil, ní féidir iarratas ar líne a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair na huaire.
B’éigean tús sciopaidh a chuir leis an bpróiséas iarratas ar líne le linn na paindéime agus ní raibh sé indéanta ag am an seirbhís céanna a chuir ar fáil trí Ghaeilge Beidh mo chuid oifigigh ag casadh leis an tÚdarás chun féidearthacht a léithéid de sheirbhís a phlé.
No comments