Written answers
Thursday, 29 June 2023
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
128. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a bheidh múinteoirí in ann clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar líne sa bhealach céanna ar féidir é a dhéanamh i mBéarla, agus cén fáth nach raibh sé in ann é seo a dhéanamh ó thús agus cad é an mhoill le rogha Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh súid atá ag clárú nó ag athchlárú ós rud é go bhfuil sé riachtanach orthu chun dul ag múineadh sa Stáit. [26650/23]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Chomhairle na Mhúinteoireachta tar éis comhairle a thabhairt gur chuir siad tús le tairseach clárúcháin nua, My Registration/MoChlarú, a chuirfidh réitigh ceann go ceann ar fáil i dtaobh próisis chlárúcháin. Tá an obair sin ag céim forbartha um an dtaca seo, agus tá i gceist go n-oscófaí an tairseach i mí Iúil.
Bhí tionchar ag dúshláin earcaíochta laistigh den earnáil TF dá conraitheoir ar obair forbartha ar an tairseach.
Idir an dá linn, tá bearta eatramhacha i bhfeidhm ag an gComhairle le gur féidir le múinteoirí cláraithe athnuachan a dhéanamh ar a gclárú nó iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge.
Is fíor ardtosaíocht don Chomhairle Mhúinteoireachta é leagan Gaeilge den tairseach, My Registration/Mo Chlárú, a chur i bhfeidhm. Tá eolas ar fhorbairt na tairsí, MyRegistration/Mo Chlarú, as Gaeilge agus eolas ar na bearta eatramhacha maidir le clárú a athnuachan agus iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.
No comments