Written answers
Tuesday, 13 June 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
625. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad iarratasóir a chuir isteach ar mhaoiniú faoi Scéim Forbartha na Líonraí Gaeilge gach bliain ó cuireadh tús léi; cé mhéad acu sin nár éirigh leo; agus cé mhéad maoiniú bliantúil a bheadh ag teastáil chun gach iarratas a mhaoiniú. [27376/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is scéim de chuid Fhoras na Gaeilge í Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge ar cuireadh tús léi in Eanáir 2022. Níl aon ról ag mo Roinn maidir le feidhmiú na scéime.
Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge go bhfuarthas 39 iarratas ar fad nuair a fógraíodh an scéim ar dtús agus luach iomlán de €4,446,479 á éileamh thar shaolré trí bliana na Scéime.
Cháilligh 36 iarratas ar fad do mhaoiniú agus cheadaigh Foras na Gaeilge ciste deontas de €4,301,379 don 36 deontaí.
Tá curtha in iúl dom go raibh luach €145,100 i gceist leis an 3 iarratas nár éirigh leo. Dícháilíodh péire acu siúd agus theip ar iarratas amháin an marc tairsí incháilitheachta a bhaint amach.
Ba é seo an chéad uair ag Foras na Gaeilge an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge a reáchtáil - scéim a tháinig in áit Scéim Pobal Gaeilge, faoina raibh 22 deontaí maoinithe go bliantúil. Tá Foras na Gaeilge ag súil an scéim a fhógairt an athuair in 2024.
No comments