Written answers

Thursday, 25 May 2023

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

298. To ask the Minister for Rural and Community Development cen fáth nach bhfuil coinníoll sna tairiscintí atá á lorg do sheirbhísí lastais go Inis Meáin go mbeadh sé mar choinníoll d’éinne a bheadh ag tairiscint leis an seribhís a chur ar fáil go mbeadh báid acu a bheadh feliúnach le húsáid a bhaint as Céibh an Chalaidh Mhóir agus go n-úsáidfí an chéibh sin ar a laghad aon uair nach féidir teacht chun céibhe ag an Céibh an Chóra nó an t-am ar fad de bharr an fascadh breise atá ag báid agus na daoine atá ag obair orthu nó ag fáil earraí ón mbád ag Céibh an Chalaidh Mhóir [25449/23]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an comórtas soláthair ar mhaithe le soláthróir feiliúnach a roghnú don tseirbhís lastais trom chuig 3 oileán Árainn ar bun faoi láthair. Foilsíodh an cháipéis tairisceana tar éis den Roinn sraith cruinnithe comhairliúchán a reáchtáil le pobal na n-oileán leis an tseirbhís lastais a phlé, mar chuid den phróiseas athnuachana. Leasaíodh an cháipéis tairisceana le freastal ar mhianta an phobail, oiread agus ab fhéidir.

Is tríd an gcóras eTenders amháin a ghlactar le ceisteanna a bhaineann leis an tairiscint atá foilsithe.

Ó tharla go bhfuil an comórtas fós beo, ní bheadh sé cuí dom aon rud eile a rá faoin ábhar ag an tráth seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.