Written answers
Thursday, 25 May 2023
Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
237. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le bliain saor in aisce a mhaoiniú i naíonra lán-Ghaeilge le haghaidh gach linbh réamhscoile is sine ná 2 bhliain agus 8 mí d’aois a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. [24713/23]
Roderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mo Roinn in ann freagra cuimsitheach a thabhairt ar an gceist a chuir tú isteach a Theachta mar nach bhfuil sonraí ag Riarthóir na Scéime, Pobal, faoi gach páiste atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta. Dá bhrí sin, ní féidir ach meastachán a sholáthar bunaithe ar an eolas atá ar fáil faoi láthair tríd an Ardán Luathbhliana maidir le clárúcháin reatha ó 22.05.23.
Aithníodh 68 seirbhís san iomlán le conradh ECCE 2022/2023, a chuireann cúram agus oideachas luath-óige trí Ghaeilge ar fáil, agus atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta. Bunaithe ar mheánluach na gclárúchán in aghaidh an linbh sna seirbhísí seo, measann Pobal go bhfuil 18 leanbh ar an meán cláraithe i ngach seirbhís. Is é €69 an chaipitíocht sheachtainiúil ECCE in aghaidh an linbh lánaimseartha (15 uair sa tseachtain).
Mar sin, bunaithe ar an eolas seo, meastar gur thart ar €3.209m an costas measta a bhaineann le bliain saor in aisce a mhaoiniú i naíonra lán-Ghaeilge do pháistí réamhscoile os cionn 2 bhliain agus 8 mí d’aois sa Ghaeltacht.
18 (clárúcháin sheachtainiúla lánaimseartha ag €69) x bliain an chláir (38 seachtain) x 68 (seirbhísí aitheanta) = thart ar €3.209m.
No comments