Written answers
Thursday, 25 May 2023
Department of Education and Skills
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
141. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas nach bhfuil an tairseach chlárúcháin MyRegistration/MoChlarú de chuid na Comhairle Múinteoireachta ar fáil i nGaeilge do mhúinteoirí fós cé gur gealladh go mbeadh sí ar fáil go luath sa bhliain 2023; an bhfuil a Roinn i dteagmháil leis an gComhairle ar an ábhar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25348/23]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Chomhairle na Mhúinteoireachta tar éis comhairle a thabhairt gur chuir siad tús le tairseach clárúcháin nua, My Registration/MoChlarú, a chuirfidh réitigh ceann go ceann ar fáil i dtaobh próisis chlárúcháin i Mí Dheireadh Fhómhair 2021. Tá an obair sin ag céim forbartha um an dtaca seo, agus tá i gceist go n-oscófaí an tairseach i lár na bliana 2023.
Bhí tionchar ag dúshláin earcaíochta laistigh den earnáil TF dá conraitheoir ar obair forbartha ar an tairseach.
Idir an dá linn, tá bearta eatramhacha i bhfeidhm ag an gComhairle le gur féidir le múinteoirí cláraithe athnuachan a dhéanamh ar a gclárú nó iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge.
Is fíor ardtosaíocht don Chomhairle Mhúinteoireachta é leagan Gaeilge den tairseach, My Registration/Mo Chlárú, a chur i bhfeidhm. Tá eolas ar fhorbairt na tairsí, MyRegistration/Mo Chlarú, as Gaeilge agus eolas ar na bearta eatramhacha maidir le clárú a athnuachan agus iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.
No comments