Written answers

Thursday, 25 May 2023

Department of Finance

Ealaín na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

124. To ask the Minister for Finance an bhfuil machnamh déanta aige ar an moladh go ndéanfar Uplift Gaeltachta a chur mar chreidmheas cánach i gcás scannánaíochta, bunaithe ar an Uplift Réigiúnach, agus cad é an meastachán ar chostais dá gcuirfí Uplift Gaeltachta 2%, 3.5% nó 5% i bhfeidhm. [24709/23]

Photo of Michael McGrathMichael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Soláthraítear le halt 481 faoiseamh i bhfoirm creidmheas cánach corparáide a bhaineann le costas léiriúcháin scannán áirithe. Tá sé mar aidhm leis an scéim gníomhú mar spreagthach le haghaidh tionscal scannán dúchasach a chruthú sa Stát, agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán á gcruthú agus tacaíocht á tabhairt do chultúr Éireannach a léiriú.

Mar is eol duit, áfach, tá ardú réigiúnach i bhfeidhm cheana féin atá ag gníomhú mar dhreasacht bhreise don earnáil scannán agus atá le teacht chun deiridh i mbliana.

Leis an Acht Airgeadais, 2018, tugadh an t-ardú réigiúnach isteach le haghaidh léiriúcháin atá á ndéanamh i limistéir atá ainmnithe faoi na treoirlínte réigiúnacha Státchabhrach. Tá sé mar chuspóir leis an ardú réigiúnach tacú le buíonta áitiúla nua daoine tréitheacha a fhorbairt i limistéir atá lasmuigh de na príomh-mhoil léiriúcháin atá ann cheana chun tacú le leathadh geografach na hearnála closamhairc.

Soláthraíodh leis an ardú ar dtús leibhéal méadaithe creidmheasa ar feadh ceithre bliana, áit a raibh 5% ar fáil i mblianta 1 agus 2 (2019 agus 2020), a raibh 3% ar fáil i mbliain 3 (2021) agus a raibh 2% ar fáil i mbliain 4 (2022). Mar aitheantas don tionchar díobhálach a bhí ag géarchéim COVID-19 ar an earnáil closamhairc, áfach, leasaíodh an t-ardú réigiúnach leis an Acht Airgeadais, 2020, chun soláthar a dhéanamh do bhliain bhreise 5% sa bhliain 2021, agus é mar aidhm leis go bunúsach teacht in ionad na bliana dreasachta a cailleadh mar thoradh ar na bearta sláinte poiblí a bhain le COVID-19. Cuireadh tús an athuair ansin leis an ardú a aistarraingt de réir a chéile, ag laghdú dó go 3% sa bhliain 2022, go 2% sa bhliain 2023 agus go Nialas ina dhiaidh sin.

Maidir le caiteachas, chosain an dreasacht sin €5.9m sa bhliain 2020 agus €4.7m sa bhliain 2021 ag ráta 5%. Breithníodh leasuithe ar an Ardú Réigiúnach roimh Bhuiséad 2023. Mar a luadh i gceisteanna parlaiminte roimhe seo, áfach, ba ann do roinnt castachtaí a bhain le hathrú den sórt sin a dhéanamh. Áiríodh leo sin nuashonruithe a rinneadh le déanaí ar an léarscáil cabhrach réigiúnaí atá mar bhonn agus thaca ag an scéim.

Ina ionad sin, measadh go mbeadh sé níos stuama díriú ar chinnteacht a sholáthar i ndáil leis an bhfáil ar an gcreidmheas cánach príomhúil 32%. Cuireadh ceithre bliana eile leis sin go dtí an 31 Nollaig 2028 mar chuid den Acht Airgeadais, 2023.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeidh fáil ag léiriúcháin cháilitheacha i ngach limistéar den tír ar an bpríomhchreidmheas cánach scannáin 32% fós tar éis fhoirceannadh an ardaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.