Written answers

Wednesday, 24 May 2023

Department of Communications, Climate Action and Environment

Cóid Phoist

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

45. To ask the Minister for Communications, Climate Action and Environment cén dáta faoina bhfuil sé i gceist aige go mbeidh gach logainm nó sráidainm ar Éirchód ar fáil trí Ghaeilge; cé na háiseanna a theastódh chun a chinntiú go bhfuil gach logainm ar Éirchód ar fáil trí Ghaeilge, cá dteastódh na háiseanna sin, agus cén costas a bhainfeadh leis na háiseanna sin. [24696/23]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ról é a bhfuil feidhm dhíreach agamsa mar Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ann faisnéis maidir le seoltaí a aistriú.

Is feidhm é sin de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Dáileann Capita Business Support Services Ireland, ag trádáil mar Eircode, Eircóid ar sheoltaí réadmhaoine nua trí úsáid a bhaint as seoladh poist bailí agus geoshuímh deimhnithe. Bailíonn An Post faisnéis ar gach foirgneamh nua agus gach foirgneamh atá ann cheana féin, chomh maith le hathruithe ar sheoltaí atá ann cheana féin agus soláthraíonn Tailte Éireann na geo-shuíomhanna do na foirgnimh seo.

Eisíonn An Post GeoDirectory (APG), fochuideachta de chuid An Post agus Thailte Éireann, eisiúint nua de chomhad bhunachar sonraí GeoDirectory chuig Eircode de réir a gcomhaontú ceadúnais.

Chuir APG in iúl do m’oifigigh go gcuireann An Coiste Logainmneacha comhad de logainmneacha Gaeilge, atá mar chuid den seoladh, a rinneadh athrú nó nuashonrú orthu, ar fáil do APG. Chuir APG in iúl do m’oifigigh freisin go bhfuil sonraí oifigiúla logainmneacha arna soláthar ag an gCoiste Logainmneacha sa bhunachar sonraí GeoDirectory agus go ndeánann sé uasdhátú ar na sonraí go rialta le faisnéis atá á soláthar ag an gCoiste.

Tá na socruithe riachtanacha curtha i bhfeidhm ag mo Roinn chun a chinntiú go mbeidh an córas Eircode ar fáil trí Ghaeilge. Mar sin féin, ní chruthaíonn Eircode seoltaí poist atá ann cheana féin ná ní athraíonn sé iad. Cuirtear Eircóid go díreach leis an seoladh a úsáidtear don réadmhaoin de ghnáth. Is féidir gurb é an seoladh seo an seoladh is coitianta a úsáidtear, an seoladh poist agus/nó an seoladh geografach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.