Written answers

Tuesday, 23 May 2023

Department of Defence

An tSeirbhís Chabhlaigh

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

193. To ask the Taoiseach and Minister for Defence an bhfuil i gceist filleadh ar an nós a bhí ann bád cabhlaigh de chuid na hÉireann a ainmniú i ndiaidh pearsa eagsúla as miotaseolaíocht dúchasach na hÉireann agus iad ag aunmniú an dá bhád cabhlaigh atá ceannaithe do na fórsai cosanta le gairid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24992/23]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déantar soithí nua a ainmniú agus cuirtear na searmanais coimisiúnaithe ar siúl sula dtéann na soithí isteach i gcabhlach na Seirbhíse Cabhlaigh. Is é an nós a bhí ann, tar éis an tSeirbhís Cabhlaigh a bhunú, ná soithí a ainmniú i ndiaidh mná ó mhiotaseolaíocht na hÉireann. In 2013, d’ordaigh an tAire a bhí ann ag an am go ndéanfaí athbhreithniú ar an mbeartas ainmnithe agus tar éis an athbhreithnithe sin is é an tuairim a bhí ag an Aire ná gur cheart na longa a ainmniú i ndiaidh mórphearsana litríochta na hÉireann a bhfuil cáil dhomhanda orthu chun Éire a léiriú mar thír nua-aimseartha níos cuimsithí.

Tá Clár Athnuachana agus Athsholáthair na Seirbhís Chabhlaigh fós ar siúl. Tá an dá Soitheach Patróil Uisce Cladaigh a ceannaíodh iad ó Rialtas na Nua-Shéalainne in ionad an LÉ Orla agus an LÉ Ciara tar éis teacht go Corcaigh le déanaí. Tabharfar faoi chlár cuimsitheach oibreacha ar na soithí, lena n-áirítear an criú a chur i dtaithí leis na soithí agus oiliúint a chur orthu, agus beidh an clár sin curtha ar siúl i dtimpeallacht Chuan Chorcaí agus na bunáite chabhlaigh ag Inis Sionnach.

Glacfar cinntí maidir le hainmniú na soithí seo sula gcuirfear tús lena seirbhís oibríochta, atá beartaithe le tarlú in 2024. Déanfar na roghanna go léir, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear ag an Teachta, a mheas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.