Written answers

Thursday, 18 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Na Meáin Chumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí tar éis breathnú ar cén sainmhíniú a bhaineann le ‘cláir Ghaeilge’ i gcás maoiniú closamhairc, mar a gheall sí ag cruinniú an 20 Aibreán 2023 de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, agus an dtabharfaidh sí an sainmhíniú atá i bhfeidhm faoi láthair. [23712/23]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus mé i m’Aire atá freagrach as na meáin agus as an nGaeilge araon, tuigim go maith an ról tábhachtach atá ag earnáil na meán, agus ag ár gcraoltóirí seirbhíse poiblí go háirithe, maidir le tacú le húsáid na Gaeilge sa saol laethúil agus í a chur chun cinn.

Cé nach sainmhínítear cad atá i gceist le cláir Ghaeilge san Acht Craolacháin ná nach bhfuil cuótaí socraithe ann don leibhéal Gaeilge ba chóir a bheith i gcláir, tá dualgais ar TG4 agus ar RTÉ araon tacú leis an nGaeilge. Léirítear iad sin sna gealltanais feidhmíochta bhliantúla a cheanglaítear ar an dá chraoltóir a fhoilsiú go bliantúil, agus san athbhreithniú ar fheidhmíocht a dhéanann Coimisiún na Meán ina ról mar rialtóir.

Ní mór an dualgas atá ar TG4 cláir a chur ar fáil i nGaeilge den chuid is mó a chur san áireamh freisin i gcomhthéacs an riachtanais freastal ar an bpobal ar fad, ar a phríomhlucht féachana de chainteoirí Gaeilge agus ar an lucht féachana náisiúnta i gcoitinne. Leanann RTÉ air ag soláthar agus ag méadú líon na gclár Gaeilge, rud a dúradh sa tuarascáil is déanaí ón gCoimisinéir Teanga.

Maidir le maoiniú ábhair teilifíse agus raidió, tá tábhacht ar leith ag baint leis an Scéim Fuaim agus Fís. Tríd an scéim, tá gealltanas ann a chinntiú go leithdháiltear idir 20% agus 25% den airgead ar chláir Ghaeilge nó dhátheangacha. Cé gur faoi Choimisiún na Meán atá na rialacha agus na critéir faoi seo, faoi láthair, ionas go mbeidh clár dátheangach nó ilteangach, ní mór ar a laghad 30% den chraoladh deiridh a bheith i nGaeilge.

D'fhéadfadh sé go mbeadh fadhbanna ann sainmhíniú nó sraith de chritéir a leagan síos sa reachtaíocht maidir le cad is clár Gaeilge nó dátheangach ann. Caithfidh lucht déanta clár agus craoltóirí a bheith in ann cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais chainteoirí líofa Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil líofa ach atá fós ag iarraidh teacht ar chláir a bhfuil Gaeilge iontu.

Moladh i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí Gaeilge agus ar sholáthar ábhair. Tá sé mar thosaíocht ag Coimisiún na Meán tús a chur leis an athbhreithniú i mbliana. Cé go bhfuil sonraí an athbhreithnithe fós le tabhairt chun críche, is ceist í seo a d'fhéadfaí a fhiosrú a thuilleadh agus scrúdú agus tuiscint againn ar an tírdhreach reatha agus moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar ábhar Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.