Written answers

Thursday, 18 May 2023

Department of Housing, Planning, and Local Government

Cúrsaí Tithíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an ndéanfaidh sé ráiteas mar gheall ar na treoirlínte geallta don tithíocht agus don phleanáil Ghaeltachta, agus an dáta faoina mbeidh siad foilsithe. [23715/23]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Grúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil oifigigh ó mo Roinnse; ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán; agus Údarás na Gaeltachta) i bhfeidhm chun tacú leis an obair atá ar bun agus dlús a chur leis an bpleanáil i gceantair Ghaeltachta.

Is é ceann de phríomhaidhmeanna an ghrúpa seo ná a chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a shaincheapadh, de réir mar is cuí chun cur chuige éifeachtach comhsheasmhach a éascú ag na húdaráis áitiúla cuí maidir le saincheisteanna a bhaineann le pleanáil i gceantair Ghaeltachta a bhainistiú.

Tá scrúdú á dhéanamh ag an nGrúpa Idir-Rannach ar an gcaoi a bhféadfaí cleachtais reatha i bhfeidhmiú na bhforálacha seo a neartú ar mhaithe le leas iomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe. Tá mo Roinnse, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag forbairt Treoirlínte Alt 28 maidir le pleanáil i Limistéir Ghaeltachta, atá beartaithe a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go luath.

Tháinig an Grúpa Idir-Rannach le chéile go deireanach ar an 15úNollaig 2022 nuair a comhaontaíodh tús a chur le staidéar in 2023 ar mhodheolaíocht agus formáid an Ráitis Tionchair Teanga a úsáidtear i dtograí forbartha. Choimisiúnaigh an dá Roinn an staidéar seo agus tá sé ar siúl faoi láthair. Reáchtáladh cruinniú déthaobhach níos déanaí idir an dá roinn ar 2úMárta 2023 chun an tréimhse ama d’obair an chomhairleora a chomhordú ionas gur féidir leis na dréacht-treoirlínte a threorú. Tá sé beartaithe leanúint ar aghaidh le rannpháirtíocht dhéthaobhach sna seachtainí atá romhainn de réir mar a bheidh an staidéar críochnaithe.

Nuair a bheidh dréacht-treoirlínte tugtha chun críche caithfidh siad a bheith faoi réir scagadh ansin le haghaidh Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha an Mheasúnaithe Iomchuí (MI). Faoi réir na measúnuithe scagthástála a bheith críochnaithe agus nuair nach bhfuil measúnú iomlán ag teastáil, tá sé beartaithe dréacht de na treoirlínte a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.