Written answers
Thursday, 18 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Coláistí Samhraidh
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
51. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 3701/23, cén dul chun cinn atá déanta ar an athbhreithniú ar chás na gcoláistí samhraidh; an bhfuil grúpa oibre bunaithe ag a Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23452/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an athbhreithniú ar earnáil na gColáistí Gaeilge á bhreithniú ag mo Roinn an t-am ar fad, i gcomhar le scáthghrúpa na gcoláistí, CONCOS, lena bhuaileann oifigigh mo Roinne ar bhonn rialta. Ceadaíodh roinnt beartas anuraidh agus tá breis beartais ceadaithe i mbliana chun tacú tuilleadh leis an earnáil, ina n-áirítear
- Ardú de fiche fán gcéad (20%) ar an deontas a íoctar le lucht lóistín faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne;
- Ardú ar an deontas tosaithe do theaghlaigh nua a chláraíonn faoin scéim ó €2,000 go dtí €6,000. Beidh an deontas méadaithe seo ar fáil chomh maith do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse chúig bhliana nó níos mó agus atá ag iarradh athchlárú faoin scéim arís;
- Cuireadh breis scoláireachtaí ar fáil chun go mbeidh deiseanna breise ag daltaí iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge saGhaeltacht;
- Ardú ar uaslíon na scoláirí a bhíonn ar íostas le teaghlaigh cáilithe ó 12 go 16.
No comments