Written answers

Thursday, 4 May 2023

Department of Rural and Community Development

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

291. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn le scrúdú a dhéanamh ar oibreacha mara ag Céibh an Chóra, in Inis Meáin, má tá cé na hoibreacha atá i gceist agus an costas measta atá orthu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20988/23]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, bíonn fadhbanna ag báid theacht le balla ag Céibh a' Chóra in Inis Meáin de bharr an tseilf gainimh a bhailíonn i mbéal na céibhe ó am go chéile. Tá an tseirbhís lastais ag brath go mór ar an gcéibh seo le go féidir lastas a thabhairt i dtír do phobal Inis Meáin.

Tá tús curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis an bpróiseas soláthair ar mhaithe leis na ceadúnais cuí a fháil le go féidir sceideal dreideála fad-théarmach a chur i bhfeidhm le fáil réidh leis an ngaineamh nuair is gá. Tuigim go bhfuil an próiseas tairisceana sin fós ar bun agus dá réir nach féidir a rá go fóill cén costas measta a bheidh ar an obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.