Written answers
Tuesday, 18 April 2023
Department of Agriculture, Food and the Marine
Forbairt Calaí agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1115. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair atá i gceist síneadh a lorg ar an gcead pleanála d’fhorbairt na céibhe domhainmhara i Ros an Mhíl; an dáta a éagfaidh an cead pleanála reatha gan síneadh a fháil air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17282/23]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mé cinnte go bhfuil an Teachta chomh sásta is atá mé go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar na hoibreacha ar an gCé Domhainmhara i Ros an Mhíl. Tá an tionscadal seo mar chuid de leithdháileadh infheistíochta caipitil €17.36 milliún ó Chlár Forbartha Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2023 agus leanfar leis go dtí 2024.
Is é an chomhairle phleanála atá faighte ag an Roinn ná go leanfaidh an cead pleanála reatha go dtí an 11 Iúil 2023. Is féidir síneadh pleanála a cheadú má tá ‘oibreacha substaintiúla’ seachadta nó má dhéantar iad a sheachadadh faoi dheireadh an cheada reatha. Mar a chuir mé in iúl don Teachta roimhe seo, tá sé ar intinn ag mo Roinn iarratas a chur isteach chun síneadh a lorg ar an gcead pleanála don fhorbairt sula rachaidh an cead reatha in éag.
No comments