Written answers

Thursday, 23 March 2023

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

131. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aici go mbeidh breis is 70 uair an chloig níos lú le caitheamh ag daltaí bunscoile leis an nGaeilge in aghaidh na bliana faoin gCreat Curaclaim Bunscoile nua in ainneoin an taighde de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a léirigh gur mó a thaitníonn an Ghaeilge le daltaí bunscoile a mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge; an taighde a bhaineann leis an gcur chuige maidir leis an nGaeilge sa chreat nua a fhoilsiú; geallúint a thabhairt go mbeidh cur chun cinn na Gaeilge lárnaithe in aon chinntí a ghlacann an Roinn as seo amach [14243/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tacaíonn Creatchuraclam na Bunscoile le forbairt ar churaclam bunscoile a chuireann leis an rathúlacht agus leis na láidreachtaí a bhain leis na curaclaim roimhe seo agus ag an am céanna a aithníonn na dúshláin, na riachtanais agus na tosaíochtaí atá ag athrú agus a fhreagraíonn dóibh. Sa chur chuige sin cuirtear cumhacht agus solúbthacht chun gníomh a dhéanamh ar fáil i scoileanna agus mar thoradh air sin cuirtear ar chumas ceannairí scoile agus múinteoirí tosaíochtaí atá ann cheana féin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn maidir le foghlaim leanaí a aithint agus freagairt dóibh.  Bhí páirtithe leasmhara ar fud an chórais páirteach sa phróiseas a bhain le forbairt a dhéanamh ar Chreatchuraclam na Bunscoile do na bunscoileanna agus na scoileanna speisialta go léir. Rinneadh é a fhorbairt trí cheithre cinn de réimsí gníomhaíochta idirnasctha agus orthu sin bhí: 

  1. Taighde:taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta comhaimseartha atá ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin CNCM agus an staidéar fadaimseartha .
  2. Líonraí: ina raibh 57 scoil páirteach chun smaointe ón taighde a phlé agus taithí a gcuid scoileanna féin a chur ar fáil don phlé.
  3. Breithnithe: ag oibriú go dlúth leis na comhpháirtithe oideachais agus le páirtithe leasmhara eile taobh amuigh de sin
  4. Comhairliúchán: torthaí ón gcomhairliúchán forleathan ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile,
Soiléiriú maidir leis na leithdháiltí ama atá molta

I gCuraclam na Bunscoile (1999), soláthraíodh leithdháiltí ama íosta ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas: ceithre uair an chloig sa tseachtain i gcás go mbeadh T1 mar theanga theagaisc nó trí uair an chloig do naíonáin agus i gcás an dara teanga T2, trí uair an chloig go leith sa tseachtain nó dhá uair an chloig go leith do naíonáin.  Faoin Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020, méadaíodh na leithdháiltí ama don litearthacht agus don uimhearthacht agus iarradh ar scoileanna uair an chloig sa bhreis sa tseachtain a thabhairt don litearthacht (Béarla agus Gaeilge) agus go háirithe don teanga theagaisc. 

Faoi Chreatchuraclam na Bunscoile (2023), tá an Béarla laghdaithe i scoileanna a theagascann trí mheán an Bhéarla agus an Ghaeilge laghdaithe i scoileanna a theagascann trí mheán na Gaeilge.  I gcás Theanga 1 (an teanga theagaisc) tá an t-am á laghdú mar seo a leanas:

- 45 nóiméad sa tseachtain i gcéim 1 (sin 15 nóiméad sa bhreis i gcomparáid leis na leithdháiltí ama a bhí ann i dtús báire roimh an Straitéis Litearthachta agusUimhearthachta)

- 15 nóiméad sa tseachtain i gcéim 2 (sin 45 nóiméad sa bhreis i gcomparáid leis na leithdháiltí ama a bhí ann i dtús báire roimh an Straitéis Litearthachta agusUimhearthachta)

- 60 nóiméad sa tseachtain i gcéim 3 agus 4 (sin laghdú 15 nóiméad i gcomparáid leis na leithdháiltí ama a bhí ann i dtús báire roimh an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta)

Níl aon athrú ar Theanga 2 (Gaeilge i scoileanna a theagascann trí mheán an Bhéarla agus Béarla i scoileanna a theagascann trí mheán na Gaeilge) do chéim 1 (2.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine) agus déantar laghdú 30 nóiméad uirthi i gcéim 2 – 4 (ó 3.5 uair an chloig go dtí 3 uair an chloig sa tseachtain).

D'fhéadfadh sé gur eol don Teachta go bhfuil 182 lá (faoi bhun 37 seachtain) i scoilbhliain na bunscoile.  Fiú agus suas le huair an chloig á cur leis na leithdháiltí ama faoin straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta, tá sé soiléir go bhfuil an laghdú ar an méid ama a chaitear ag teagasc na Gaeilge i bhfad níos lú ná 70 uair an chloig sa bhliain.  

Is mian liom a chur in iúl don Teachta freisin:

- go n-úsáidtear an teanga theagaisc ar fud an churaclaim, do gach ábhar, agus mar sin nach le linn an cheachta teanga amháin a bhíonn an teanga theagaisc á foghlaim. 

- Déantar soláthar i gCreatchuraclam na Bunscoile do mhéadú ar an leithdháileadh seachtainiúil don Fholláine (Corpoideachas agus OSPS) ó 1.5 uair an chloig go dtí 3 uair an chloig ón gcéad rang go dtí an séú rang.  Déantar soláthar ann freisin d’uair an chloig sa tseachtain chun teangacha iasachta a thabhairt isteach ón tríú rang ar aghaidh, ar beart é a fuair tacaíocht láidir le linn na gcomhairliúchán le tuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí scoile agus leis an bpobal i gcoitinne. Chun na hathruithe sin a dhéanamh, chaill gach réimse eile den churaclam roinnt ama.

- Cuirtear leithdháiltí ama i láthar i gCreatchuraclam na Bunscoile in dhá chatagóir: Íosam Curaclaim (seachtainiúil agus míosúil) agus Am Solúbtha (míosúil). Tá sé igceist go ndéanfaí iad sin a úsáid ar bhealach solúbtha, chun glacadh le foghlaim chomhtháite, leas a bhaint as deiseanna foghlama gan choinne, foghlaim luais mar fhreagairt do riachtanais leanaí agus chun tacú le heispéiris foghlama atá tumthach agus mealltach.

- Cuireann an laghdú ar Theanga 1 san áireamh an t-eispéireas a bhí ag leanaí sa dá bhliain réamhscoile saor in aisce mar chuid den chlár um Chúram agus Oideachas naLuath-Óige (COLÓ). Léiríonn figiúirí le déanaí go mbaineann tuairim is 97% de leanaí leas as an gclár sin agus go mbaineann siad tairbhe as a n-eispéiris foghlama teanga trí Aistear – Creatchuraclam na Luath-Óige.

- I nGaelscoileanna, is trí mheán na Gaeilge a fhaightear rochtain ar an gcuraclaim uile, seachas curaclam an Bhéarla. Chun tacú le sealbhú na Gaeilge, is féidir tabhairtisteach fhoghlaim fhoirmiúil an Bhéarla a chur siar go dtí an chéad rang agus ar an mbealach sin tacú le bonn láidir a chur faoin teanga.

- Curaclam comhtháite teanga is ea Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) (2019) ina mbaintear leas as taighde comhaimseartha agus a thacaíonn le haistriú scileanna ó theanga amháin go teanga eile trína struchtúr comhroinnte agus a chur chuige tacúil i dtaca le teagasc agus foghlaim.  Tá CTB bunaithe ar bhonn suntasach taighde ar féidir teacht air go léir anseo: ncca.ie/ga/bunscoil/bunfhorbairt%C3%AD/teanga/curaclam-teanga-na-bunscoile/.

Ar deireadh, de bhrí go bhfuil Am Solúbtha á thabhairt ar ais, tá deis ag scoileanna an t-am sin a úsáid do thréimhsí níos faide de dhomhainfhoghlaim i gceann amháin nó níos mó de na cúig réimse curaclaim, réimse na dteangachasan áireamh. Ar fud na bliana, d'fhéadfadh scoil Am Solúbtha a úsáid do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas chun freagairt do riachtanais/dhúshláin maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge.

- Leithdháileadh seachtainiúil sa bhreis ar leibhéal na scoile don Ghaeilge ar feadh téarma/scoilbhliana agus múinteoirí ag ullmhú eispéiris foghlama atá oiriúnach agus saibhir agus iad ag freagairt do riachtanais foghlama a gcuid leanaí

- tréimhsí breisithe de dhomhainfhoghlaim i ngnéithe dá gcuid foghlama sa Ghaeilge (Seachtain na Gaeilge, teanga ó bhéal, filíocht, scéalaíocht, logainmneacha)

- gníomhaíochtaí scoile uile nó rannpháirtíocht i dtionscnaimh agus in imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta (drámaí, scéalaíocht, naisc le scoileannalán-Ghaeilge, cuairteanna ó Ghaeilgeoirí, Ceol agus amhráin Ghaelacha, Cúla 4, Foghlaim TG4)

- úsáid a bhaint ar cuir chuige oideolaíocha ar leith a bhaineann tairbhe as tréimhsí ama breisithe (CLIL - áit a ndéanann múinteoirí réimse eile den churaclam a theagasc trí Ghaeilge thar thréimhse ama).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.