Written answers
Wednesday, 22 March 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Soláthar Iompar Scoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
113. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil iarratas faighte ó eagraíocht (sonraí tugtha) ar mhionbhus a cheannach; má tá, cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14169/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta is tríd an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinnea chuirtear cúnamh caipitil airgid ar fáil do choistí agus eagraíochtaí cáilithe Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú sna ceantair Ghaeltachta.
Cé nach bhfuil aon iarratas faighte go dáta ón eagraíocht atá luaite ag an Teachta ina cheist, ní gá a rá - i gcás go bhfaightear, go scrúdófaí an t-iarratas sin faoi réir gnáthchritéir an chláir agus go mbeidh feidhmeannaigh na Roinne ar fáil chun pé comhairle agus treoir is gá a chur ar fáil don iarratasóir maidir leis an ábhar seo.
No comments