Written answers
Tuesday, 21 March 2023
Department of Justice and Equality
An Teanga Gaeilge
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1051. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil taifead á choinneáil ar líon na mbreithiúna a bhfuil sé ar a gcumas acu cás a éisteacht trí Ghaeilge, agus miondealú ar an taifead sin de réir leibhéal Cúirte agus de réir ceantair, agus cad é an líon breithiúna a bhfuil an cumas sin acu sna cúirteanna sin atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta. [12364/23]
Simon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is iad na breithiúna agus an tSeirbhís Chúirteanna, atá neamhspleách agus iad ag feidhmiú a gcuid feidhmeanna faoin Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, agus i bhfianaise dheighilt na gcumhachtaí sa Bhunreacht, atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna, as nithe a bhaineann le hoibríochtaí agus as feidhmeanna loighisticiúla. Tá seoladh ríomhphoist ar leith ag an tSeirbhís Chúirteanna chun faisnéis a chur ar fáil do chomhaltaí de Thithe an Oireachtais: oireachtasenquiries@courts.ie.
Déanann an tSeirbhís Chúirteanna uimhreacha den chineál sin a thaifeadadh. Dá bhrí sin, tá an cheist sin uait tarchurtha agam chuig an tSeirbhís Chúirteanna le go bhfreagróidís-sean í go díreach.
No comments