Written answers

Tuesday, 21 March 2023

Department of Housing, Planning, and Local Government

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

470. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an bhfuil miondealú ar na figiúirí idir cainteoirí Gaeilge agus daoine nach iad, de réir údarás áitiúil, a rinne iarratais ar an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta, agus ar na liostaí feithimh le tithíocht shóisialta, le 10 mbliana anuas, agus mura bhfuil na figiúirí sin ar fáil, an bhfuil sé i gceist ag an Aire a iarraidh ar na húdaráis áitiúla na figiúirí sin a chur ar fáil uaidh seo amach? [13299/23]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an t-eolas atá á lorg sa Cheist i seilbh mo roinne. Is ceist don údarás áitiúil ábhartha é maoirsiú agus bainistiú praiticiúil na liostaí feithimh tithíochta, go hiondúil, de réir Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, agus na Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta a bhaineann leo.

D'fhéadfadh an t-eolas atá á lorg a bheith ar fáil go díreach ó na húdaráis áitiúla.

Féadfar scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthacht na sonraí seo a ghabháil mar chuid den obair ar an gclár oibre níos leithne maidir le hathchóiriú tithíochta sóisialta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

471. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cé mhéad teach sóisialta a tugadh do chainteoirí Gaeilge, de réir údarás áitiúil, gach uile bhliain in imeacht na 10 mbliana seo a d’imigh tharainn. [13300/23]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an t-eolas atá á lorg sa Cheist i seilbh mo roinne. Is faoin údarás áitiúil lena mbaineann tithe cónaithe a leithdháileadh de réir a scéime leithdháilte arna déanamh faoi alt 22 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, agus na Rialacháin ghaolmhara.

D'fhéadfadh an t-eolas atá á lorg ag an Teachta a bheith ar fáil go díreach ó na húdaráis áitiúla.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

472. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an bhfuil a fhios aige an bhfuil beartas ag na húdaráis áitiúla chun lonnaíochtaí Gaeilge a thógáil taobh amuigh den Ghaeltacht nó an bhfuil sé i gceist aige a impí ar na húdaráis áitiúla, nó a ordú dóibh, scéim lonnaíochtaí Gaeilge a chur ar bun. [13301/23]

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.