Written answers

Thursday, 9 March 2023

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

369. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a thosófar an obair ar Chéim a Trí den obair ar mhuiríne Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12130/23]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De réir mar a cuireadh in iúl don Teachta i mí Eanáir, tá toilithe de dhíth le haghaidh forbairt Chaladh na mBád ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl agus táthar á lorg faoi láthair.

Idir an dá linn, táim cinnte go bhfuil an Teachta ar aon tuairim liom gur iontach an rud é go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar thionscadal na Cé Doimhne. Is cuid de leithdháileadh infheistíochta caipitil €17.36 milliún i Ros an Mhíl ó Chlár Forbartha Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2023 é an tionscadal seo. Tá sonraí faoi na hoibreacha forbartha atá á ndéanamh ag Ros An Mhíl, agus in áiteanna eile faoin gClár, ar fáil ar líne ag

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.