Written answers

Tuesday, 21 February 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

100. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí tacaíocht bhreise ar fáil do hallaí pobail na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8599/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne cuirtear cúnamh caipitil ar fáil chun cabhrú le háiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire ar nós hallaí pobail a thógáil nó a athchóiriú. Tá ciste ar fiú €3.2m ar fáil faoin gclár seo i mbliana.

D'fhógair mé le gairid deontas ar fiú os cionn €300,000 d'Údarás na Gaeltachta chun a chur ar chumas na heagraíochta cead pleanála a lorg le haghaidh Ionad Oideachais & Óige a thógáil in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh an togra seo mar áis luachmhar do phobal Chois Fharraige, chomh maith le bheith in úsáid ag Coláiste Lurgan i rith an tsamhraidh.

Is i gcomhar leis an Údarás atá an togra á fhorbairt agus é mar an chéad cheann de phunann beag tograí caipitil eile a bhfuil sé i gceist ag mo Roinn agus an tÚdarás a bhrú chun cinn sa réimse turasóireacht chultúrtha.

In éindí le bheith ag maoiniú tograí móra, leanfaidh mo Roinn ag baint leas as an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga chun tacú le coistí deonacha chun áiseanna ar nós hallaí pobail a uasghrádú nó a thógáil.

Ní gá dom a rá mar sin go mbíonn an Roinn ag fáiltiú roimh iarratais faoin gclár i rith an ama agus déantar gach ceann a mheas faoi réir na gcritéar a bhaineann leis an gclár.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.