Written answers

Tuesday, 21 February 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

93. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon ról aici maidir le hobair an ghrúpa trasRialtais maidir le lipéadú earraí bia in Éirinn sa todhchaí i dtaobh cén teangacha oifigiúla a bheidh riachtanach ar lipéid de réir na rialacha nua ón gCoimisiún Eorpach; ar ardaigh sí ceist an dátheangachais leis an ngrúpa sin de réir mar atá á lorg ag feachtas pobail le déanaí toisc gurb ise atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa Stát; agus an dtabharfaidh sí ráiteas maidir leis an bhfeachtas chun a shocrú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil riachtanach i gcás pacáistiú agus lipéadú ar tháirgí. [8400/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an dlí a bhaineann le lipéadú bia faoi chúram na Roinne Sláinte agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Tuigim gur bunaíodh grúpa oibre trasrialtais in 2022, faoi scáth na Roinne Sláinte, agus é mar aidhm ag an ngrúpa plé a dhéanamh ar Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí. Níl aon ról agamsa ná ag mo Roinn leis na rialacháin sin ná obair an ghrúpa.

Mar sin féin, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, (Leasú) 2021, agus aidhmeanna an Achta, tá sé i gceist agam scríobh chuig an ngrúpa sin leis an gceist a bhaineann le lipeadú dátheangach a phlé.

Tá roinnt plé déanta ag mo Roinn le lucht eagair feachtais atá ar bun leis an lipéadú dátheangach ar phacáistí a chur chun cinn agus táthar ag féachaint ar an ábhar i gcomhar leis an obair a dhéanann Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa réimse ghnó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.