Written answers
Tuesday, 21 February 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
90. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén líon teaghlach, agus cén líon daoine, i bhfoirm tábla, i ngach contae, atá ag glacadh páirt sa scéim Teanga Tí; cén caiteachas atá bainteach leis an scéim; conas a chuirtear daoine ar an eolas faoin scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8597/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is rannóg de chuid Ghlór na nGael é Teanga Tí a fheidhmíonn le labhairt na Gaeilge a spreagadh mar theanga tí agus chun tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
Is é bunú líonraí an cur chuige is mó a mbaintear úsáid as chun an sprioc seo a bhaint amach, ag baint an leas is fearr as acmhainní teoranta chun an toradh is mó a bhaint amach, ag cruthú pobal de na teaghlaigh labhartha Gaeilge agus ag tabhairt deis do na rannpháirtithe tacaíocht a thabhairt dá chéile. Cruthaítear na líonraí trí imeachtaí a eagrú chun deis a thabhart do na teaghlaigh aithne a chur ar a chéile.
Tugann foireann Theanga Tí tacaíocht do ghrúpaí áitiúla. Bíonn tiomantas áitiúil ó na daoine a bhfuil Glór na nGael ag obair leo ríthábhacht do rath Theanga Tí. Cé go bhfuil an tábla thíos leagtha amach ar bhonn contae, is ar bhonn traschontae a bhíonn rannpháirteachas sna líonraí gníomhacha.
Mar gheall ar RGCS (GDPR) ní choinníonn Glór na nGael mionsonraí ar líon na ndaoine sna teaghlaigh.
Líon na dTeaghlach a bhí gníomhach i líonraí Teanga Tí de chuid Ghlór na nGael in 2022:
No comments