Written answers

Tuesday, 21 February 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

87. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici Ciste Caipitil agus Bonneagair a bheidh dírithe go sonrach ar na Gaeltachtaí a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8514/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baintear leas ar bhonn leanúnach as cláir caipitil faoi leith de chuid mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta faoi seach atá ann cheana féin chun cabhrú le bonneagar pobail, teanga, caitheamh aimsire agus fiontraíochta a fhorbairt fud fad na Gaeltachta.

Is faoi réir na mbearta ábhartha atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge agus i straitéis cúig bliana an Údaráis a ndéantar é sin. Tugann Ráiteas Dheiridh Bliana 2022 an Údaráis léiriú súntastach agus sonrach ar an dul chun cinn atá déanta sna réimsí a thiteann faoina gcúram in ainneoin an Bhreatimeachta, COVID-19 agus cogadh ar mhór roinn na hEorpa le bliain anuas.

Tá cistíocht shuntasach chaipitil de bheagnach €15m curtha ar fáil ag mo Roinn d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha atá á chur chun fónaimh acu i rith an ama chun clár oibre na heagraíoctha a fheidhmiú. Cuimsítear sa chlár sin an infheistíocht a ndéantar sa bhonneagar fiontraíochta agus pobalbhunaithe atá faoina gcúram.

Comhthreomhar leis an gciste sin, baineann mo Roinn fhéin leas as an gciste de €3.2m atá ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí agus Pobail na Roinne chun bonneagar pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt tuilleadh ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Leis an gcistíocht shuntasach seo trí chéile, atá á h-árdú go céimiúil le tamall de bhlianta anuas, táim sásta mar Aire Stáit don Ghaeltacht go bhfuil cúram mar is cuí á dhéanamh den chuid sin de bhonneagar na Gaeltachta atá ábhartha do mo Roinn agus d'Údarás na Gaeltachta araon.

Ar ndóigh, is fiú a nótáil go bhfuil ról lárnach ag Ranna agus forais eile stáit as gnéithe eile de bhonneagar na Gaeltachta. I measc na Ranna agus na bhforas sin, luafainn, mar shampla, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Iompair, an Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara, gan dearmad go deimhin ar na húdaráis ábhartha áitiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.