Written answers
Tuesday, 21 February 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Coimisinéir Teanga
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
269. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Phairliminte 3699/23, soiléiriú a thabhairt ar stádas an fheachtais earcaíochta maidir le Coimisinéir Teanga nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8506/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a dúirt mé i mo fhreagra ar Cheist Dála 3699/23 ar 26ú Eanáir 2023, tá an próiseas mar a bhaineann sé le ceapadh an Choimisinéara Teanga leagtha amach in Alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, áit a bhfuil ráite:
“Is é an tUachtarán ar chomhairle an Rialtais a dhéanfaidh duine a cheapadh chun bheith ina C(h)oimisinéir tar éis rún a ritheadh i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ag moladh cheapacháin an duine.”
Tuigim go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair ar an leabhrán comórtais faoi láthair. Fógrófar an post ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Mar atá ráite agam cheana, meastar go dtógfaidh sé suas le trí mhí ó dháta an fhógra chun iarrthóir a roghnú.
Ag an bpointe seo, níl dáta cinnte socraithe le haghaidh an post a fhógairt.
No comments