Written answers

Tuesday, 21 February 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Teagmháil na nÓg

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

81. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an féidir léi plean a chur chun cinn chun foirgneamh saintógtha don óige a thógáil den chineál céanna leis an gceann atá beartaithe in Indreabhán, Co. na Gaillimhe [8595/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne cuirtear cúnamh caipitil ar fáil chun cabhrú le háiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú fud fad na Gaeltachta.

Ina theannta sin ar ndóigh baineann Údarás na Gaeltachta leas as an gciste caipitil atá ag an eagraíocht chun tacú leis na réimsí atá faoina gcúram - gnóthaí óíge sa Ghaeltacht san áireamh. Dár ndóigh, is faoi fhochuideachta de chuid an Údaráis, Muintearas Teo., atá an fhreagracht seirbhísí óige a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Sa chomhthéacs sin, d’fhógair mé féin agus an tAire Martin an tseachtain seo go bhfuil allúntas €314,280 á chur fáil ag ár Roinn d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le hiarratas ar chead pleanála a ullmhú agus a dhéanamh maidir le hIonad Oideachais agus Óige nua a thógfar in Indreabhán. Is ar mhaoin de chuid an Údaráis sa gCnoc, atá in úsáid ag Coláiste Lurgan agus grúpaí pobail, a thógfar an t-ionad.

Tá an togra seo ar cheann de na tograí pobail agus teanga is suntasaí a raibh baint ag an Roinn leis riamh. Níl aon amhras orm ach go rachaidh an tIonad seo chun tairbhe phobal Chois Fharraige chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge ar fud na tíre. Beidh an t-ionad nua-aimseartha seo ina acmhainn thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chúrsaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí agus sa phobal. Déanfar freastal ann chomh maith ar ndóigh ar na healaíona, ar an gceardaíocht, an teicneolaíocht, cúrsaí spóirt agus go mór mhór ar an óige - ceann de na spriocghrúpaí is tábhachtaí ó thaobh thodhchaí na Gaeilge.

Mar is iondúil i gcásanna den chineál a mbeadh infheistíocht shuntasach i gceist - bíodh sin tograí á mbreithniú ag an Údaráis nó mo Roinn, bíonn gá le n-iad a scrúdú faoi réir na gcritéar agus na rialacháin mar a leagtar amach iad sa Chód um Chaiteachas Poiblí.

Ar bhonn ginearálta, is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mo Roinn ag baint leas as an gciste atá ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne chun cur tuilleadh leis an mbonneagar áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire de réir mar a thagann cásanna cáilithe chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.