Written answers

Tuesday, 21 February 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

73. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ó achtaíodh é; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8517/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá an-dul chun cinn déanta agus na hAilt 1, 2(c), 6, 8 agus 20 tagtha i bhfeidhm ó anuraidh.

Bunaíodh an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ar an 20 Meitheamh 2022. Bhí an bunú seo ag teacht leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith san Acht, go mbeadh sé déanta laistigh de 6 mhí ó achtú an Achta. Titeann an oll-fhreagracht ó thaobh ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge ar an gCoiste agus é le cur i gcrích acu roimh 19 Meitheamh 2024. Chuige sin, tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gCoiste. Tríd an bPlean agus a chuid oibre go ginearálta, beidh ról lárnach ag an gCoiste i gcur chuige comhordaithe a stiúradh chun a chinntiú go n-earcófar líon dóthanach pearsanra le Gaeilge chun seirbhísí a sholáthar.

Tugadh feidhm d’Fhoráil na Fógraíochta (Alt 6) ar an 10ú Deireadh Fómhair 2022. Faoin bhforáil seo, tá dualgas anois ar gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% dá bhuiséid fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach atá ann atá tar éis cur le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán. Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir go bhfuil buntáiste eacnamaíoch suntasach ag baint leis an teanga dá lucht labhartha. Táim den tuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit chun úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil conradh taighde bliana aontaithe le hOllscoil na Gaillimhe chun tabhairt faoi thaighde a bheidh mar bhunús d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge. Mar thaca don obair seo, tá gealltanas Rialtais maidir leis an bPlean a chur i bhfeidhm san áireamh in Athnuachan na Státseirbhíse 2030.

In 2023, beifear ag leanúint chomh maith le feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil - an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Chuige sin, tá beartaithe tús feidhme a thabhairt do na hAilt go léir, seachas d’Alt 17 - mar nach féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga aontaithe, i mbliana ar na dátaí seo a leanas:

- Ailt 2a, 2b, 7, 9, 10, 11, 15, 18 agus 19 ar 15ú Márta;

- Alt 3 agus Alt 16 ar 30ú Aibreán;

- Ailt 12, 13 agus 14 ar 31ú Bealtaine; agus,

- Alt 4 agus Alt 5 ar 31ú Deireadh Fómhair.

Agus an sceideal tosaithe seo curtha i bhfeidhm, beidh tús curtha le gach alt den Acht roimh dheireadh 2023 - bliain iomlán roimh an spriocdháta atá sonraithe san Acht.

Leis an obair uile a dhéanfar maidir le cur i bhfeidhm an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.