Written answers
Tuesday, 14 February 2023
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
357. To ask the Minister for Education and Skills soiléiriú a thabhairt ar na figiúirí atá luaite sna Táscairí Oideachais a foilsíodh an 6 Feabhra, ina bhfuil sé luaite go bhfuil 8.1% de dhaltaí bunscoile agus 3.6% de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar scoil lánGhaeilge, agus an léargas ar sholáthar don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a foilsíodh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an mbeartas don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, mar a bhfuil sé luaite go bhfuil 7% de dhaltaí bhunscoileanna agus 2.8% de dhaltaí iar-bhunscoileanna ag freastal ar scoil lánGhaeilge, go háirithe an féidir léi a dheimhniú go mbaineann na figiúirí níos airde sna Táscairí Oideachais leis an nGaeltacht a bheith san áireamh agus sonraí a thabhairt ar cé mhéad daltaí go díreach atá i gceist. [7090/23]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is don bhliain acadúil 2021-22 atá na sonraí a chuirtear i láthair i dTuarascáil na dTáscairí Oideachais d’Éirinn agus seasann siad do gach scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Múineadh 14,100 scoláire trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile sa tréimhse 2021-22, as rollú iomlán de 391,698. Múineadh 44,302 dalta trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile sa tréimhse chéanna, as rollú príomhshrutha iomlán de 546,106.
Is don bhliain acadúil 2020-2021 a bhí na sonraí a cuireadh i láthair sa Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht toisc nach raibh na sonraí deiridh do 2021-22 ar fáil nuair a bhí an tuairisc á cur i dtoll a chéile. Léiríonn na sonraí atá sa tuairisc sin na daltaí/scoláirí a bhí á múineadh trí mheán na Gaeilge # amuigh den Ghaeltacht.
No comments