Written answers
Tuesday, 14 February 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Rannach
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
220. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid iarratas atá faighte ó theaghlaigh nua atá ag iarraidh scoláirí a choinneáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do 2023, briste síos de réir contae; cén uair a dhéanfar scrúdú ar na tithe sin le gur féidir le na Coláistí Gaeilge pleanáil don séasur Coláistí Gaeilge i 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6630/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta tugtha i bhfoirm tábla thíos. Áirítear anseo an líon iarratas ar aitheantas atá seolta isteach ag teaghlaigh ag an bpointe ama seo (lár Feabhra).
Níor mhiste a lua gur cláraíodh 39 teach nua faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne in 2022 i gcomparáid le 34 in 2019.
Contae | Líon Iarratas 2023 |
---|---|
Gaillimh | 2 |
Dún na nGall | 4 |
Maigh Eo | 2 |
Ciarraí | 1 |
Corcaí | - |
Port Láirge | - |
Mí | - |
Táim sásta go bhfuil an chistíocht bhreise atá ceadaithe le bliain anuas mar thaca breise do na coláistí ag cabhrú le coláistí tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil dóibh.
No comments