Written answers

Thursday, 2 February 2023

Department of Education and Skills

Scrúduithe Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

161. To ask the Minister for Education and Skills cén dáta faoin bhfuil sé i gceist aici an tuarascáil de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) maidir le sonraíochtaí T1 agus T2 don Ardteist a fhoilsiú; an bhfuil aon nuashonrú le tabhairt aici faoin tuarascáil athbhreithnithe de chuid CNCM maidir le sonraíochtaí T1 agus T2 don Teastas Sóisearach; agus an n-aithníonn sí go mbeidh díspreagadh ann do dhaoine tabhairt faoi chúrsa T1 atá níos dúshlánaí mura bhfuil buntáiste, spreagadh nó pointí breise ar leith i gceist leis. [5037/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh curaclam reatha Gaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe) isteach i scoileanna i 1995. Bunaithe ar thaighde agus ag tógáil ar an tsamhail soláthair atá i bhfeidhm cheana féin ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) grúpa forbartha ionadaíoch don ábhar in 2018 chun tús a chur le hobair ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe). D’oscail an CNCM comhairliúchán ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 i mí Feabhra 2021. Tugadh aird sa phróiseas comhairliúcháin ar na dúshláin atá roimh mhúinteoirí, scoláirí, cheannairí scoile, agus a bpobail mar thoradh ar phaindéim Covid-19. Mar fhreagairt ar aiseolas agus éilimh ó pháirtithe leasmhara, cuireadh síneadh leis an spriocdháta don chomhairliúchán seo go deireadh mhí na Samhna 2021. Cuireadh cóip den tuarascáil chomhairliúcháin faoi bhráid mo Roinne le déanaí dá breithniú.

Ag freagairt d’iarratais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán a tharla le déanaí ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, rinne Comhairle an CNCM cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar achtú luath-sonraíochtaí na Gaeilge, T1 agus T2 sa tSraith Shóisearach. Tá Comhairle an CNCM fós i mbun a breithniúcháin ar thorthaí an athbhreithnithe achtaithe luaith seo faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.