Written answers

Thursday, 2 February 2023

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

146. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aici suirbhé a dhéanamh maidir leis an éileamh atá i ngach pobal ar oideachas dara léibhéal trí Ghaeilge agus an gá atá ann, bunaithe ar an suirbhé seo, le tuilleadh scoileanna dara leibhéal a chur ar fáil a bheidh ag Teagasc trí Ghaeilge le go mbeidh deis reasúnach ag gach dalta gur mian leo oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal é sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4661/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais deiseanna a chruthú chun an t-oideachas trí mheán na Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs na bhfógraí ó Aibreán 2018 maidir le bunú 47 scoil nua ó 2019 ar aghaidh, ina dtugtar aird ar leith ar bhunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, agus Aonaid Lán-Ghaeilge mar chuid de phróiseas pátrúnachta scoileanna nua. Tá obair idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Áirítear, i measc na gcuspóirí atá leagtha amach don pholasaí seo, iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir deiseanna do bhunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta.

Déanann an Roinn soláthar scoileanna a phleanáil thar chreat de 314 limistéar pleanála scoile chun riachtanais déimeagrafacha a bhíonn ag athrú ar fud na tíre a mheas agus a shásamh. Baineann an Roinn úsáid as Córas Faisnéise Geografaí (GIS), agus úsáidtear sonraí ó raon foinsí, lena n-áirítear Sochar Linbh agus sonraí rollaithe na scoile, le fáil amach cá n-eascróidh an brú ar áiteanna scoile ar fud na tíre.

San anailís is déanaí a rinne an Roinn léirítear rolluithe atá seasta nó atá ag laghdú in 85% de na 314 limistéar pleanála scoile ag an mbunleibhéal don tréimhse go dtí 2026 i gcomparáid le 2021, ach meastar go dtiocfaidh méadú ar na rolluithe i thart ar 74% de na limistéir phleanála scoile ag an iar-bhunleibhéal don tréimhse go dtí 2029, agus meastar go sroichfidh formhór na limistéar sin buaicphointe laistigh den dá nó trí bliana atá le teacht.

Má léiríonn sonraí déimeagrafacha go bhfuil gá le soláthar breise, beidh seachadadh an tsoláthair bhreise sin ag brath ar chúinsí gach cás ar leith agus féadfar freastal ar an éileamh trí:

- Leas a bhaint as acmhainn reatha neamhúsáidte laistigh de scoil nó scoileanna,

- Acmhainn scoile nó scoileanna a leathnú,

- Scoil nó scoileanna nua a sholáthar

Reáchtáiltear próiseas pátrúnachta tar éis cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar anailís dhéimeagrafach, go bhfuil gá le scoil nua. Tá an próiseas pátrúnachta oscailte do gach comhlacht pátrúnachta agus do phátrúin ionchasacha. Tar éis fógra mhí Aibreáin 2018 maidir le bunú scoileanna nua ó 2019, tá Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne nua forbartha ag an Roinn, a sholáthraíonn faisnéis oibiachtúil agus a thugann deis do thuismitheoirí a roghanna a chur in iúl maidir le pátrúnacht agus teanga teagaisc i.e. Gaeilge nó Béarla na scoileanna nua seo. Tá roghanna na dtuismitheoirí, mar aon le nithe eile ar nós méid éagsúlachta an tsoláthair i limistéar (soláthar trí mheán na Gaeilge san áireamh) ríthábhachtach don phróiseas cinnteoireachta agus cibé, ag leibhéal na bunscoile, an mbeidh an scoil ag feidhmiú mar ghaelscoil nó ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus, ag leibhéal na hiar-bhunscoile, an mbeidh an scoil mar Ghaelcholáiste lán-Ghaeilge nó an amhlaidh go mbeidh aonad lán-Ghaeilge mar chuid de scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

Déanann an Roinn na hiarratais a fhaightear a mheas agus ullmhaíonn sí tuarascálacha measúnaithe le breithniú ag an nGrúpa um Bhunú Scoileanna Nua, grúpa comhairleach neamhspleách a bunaíodh chun an próiseas a mhaoirsiú. Tar éis bhreithniú an Ghrúpa, cuirtear tuarascáil le moltaí faoi bhráid an Aire don bhreithniú agus don chinneadh deiridh.

Is é an mheicníocht eile trínar féidir soláthar a dhéanamh d’iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ná aonad lán-Ghaeilge/Aonad a bhunú i scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. D’fhéadfadh a leithéid tarlú mar thoradh ar phróiseas pátrúnachta mar atá luaite thuas. D’fhéadfadh aon phátrún iar-bhunscoile dul i dteagmháil freisin leis an Roinn chun bunú Aonaid i scoil atá ann cheana féin a fhiosrú

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.