Written answers

Thursday, 26 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

72. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na bearta a dhéanfar chun rochtain níos fearr a chinntiú do phobail faoi mhíbhuntáiste agus do phobail faoi ghannionadaíocht ar an nGaeilge agus ar na ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3446/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheadaigh mo Roinn ciste €400,000 in 2022 le leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Faoin gciste breise atá ceadaithe faoin mbeartas dar teideal: DEIS Gaeltachta – ar cuireadh tús leis in 2019 - bhí breis agus 400 scoláire as iar-bhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht i 2022. Ba ciste €50,000 a bhí ann roimhe seo. Is fiú suas le €850 na scoláireachtaí a chuirtear ar fáil faoin gciste atá á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin don Stát uile thar ceann na Roinne.

Tá sé mar sprioc ag mo Roinn leis an mbeart seo tuilleadh deiseanna a chruthú do dhaoine óga, nach bhfaigheadh an deis de ghnáth, dul chun na Gaeltachta ar chúrsa Gaeilge. Ní hamháin gur le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an beart praiticiúil seo ach is le leas na sochaí trí chéile mar a bhaineann sé le hionchuimsiú sóisialta é. Tá an chéim seo i gcomhréir leis an ngealltanas faoi leith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 2018-2022 maidir le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Is fiú a lua ar bhonn ginearálta gur cheadaigh mo Roinn ardú 20% chomh maith anuraidh ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail chóras na gColáistí Gaeilge faoi scéim mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.