Written answers

Thursday, 26 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Gaeltacht Policy

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

58. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon taighde déanta go fóill ar an tionchar sochtheangeolaíoch agus geilleagrach a bheidh ag teifigh ón Úcráin a lonnú i lóistín Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí cur síos sonrach ar na tacaíochtaí atá curtha ar fáil don phobal, do scoileanna Gaeltachta, agus do na teifigh féin chun a chinntiú gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh i saol an cheantair trí Ghaeilge, agus chun a chinntiú go mbeidh lóistín ar fáil freisin do thurasóirí do shéasúr shamhraidh 2023. [3668/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cur chuige ilgabhálach tras-rannach atá idir lámha chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le freastal a dhéanamh ar theifigh na hÚcráine - lena n-áirítear teifigh a thagann chun na Gaeltachta.

Níl a leithéid d’fhaisnéis maidir le tionchar teangeolaíoch ná geilleagrach lonnú teifeach i gceantair Ghaeltachta ar fáil. Fearacht an chuid eile den tír, is faoi scáth na Roinne Oideachais, atá freagrach as an gcóras oideachais trí chéile, a mbíonn scoileanna Gaeltachta na tíre ag feidhmiú.

Baintear leas as ciste mo Roinne i rith an ama ar ndóigh chun raon beartas a fheidhmiú chun tacú ar bhonn leanúnach le feidhmiú bisiúil an Próiseas Pleanála Teanga agus go hindíreach le feidhmiú an Polasaí Oideachas Gaeltachta atá faoi stiúir fhoriomlán an Roinn Oideachais. Tá fáil ar eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le seo uile sa tríú tuairisc don Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a bhfuil fáil air ar shuíomh mo Roinne.

Tá m’oifigigh i dteagmháil le raon Ranna Rialtais, le hionchur ó chomhghleacaithe i bhFáilte Éireann, maidir leis an mbealach is fearr chun na tionchair fhéideartha ar an éiceachóras turasóireachta níos leithne a bhaineann le húsáid fhadtéarmach lóistín turasóireachta a mhaolú.

Tá anailís á déanamh ar na bailte nó na ceantair sin is mó a bhfuil tionchar acu ina leith seo, le fócas ar na scileanna earnála atá i mbaol agus na gnólachtaí is mó atá ag fulaingt de bharr easpa lóistín turasóireachta. Beidh mo Roinn ag dul i mbun tuilleadh plé ar an anailís seo sa tréimhse amach romhainn.

Tuigtear dom go mbíonn cumarsáid rialta ag an Aire Martin lena comhghleacaithe sa Rialtas ar an tsaincheist seo agus tá imní an tionscail curtha in iúl aici maidir leis an éifeacht fhadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ag an gceist seo ar ár n-earnáil Turasóireachta.

Ní gá dom a rá go leanfaidh an Roinn ag coinneáil an scéal uile faoi bhreithniú sa chaoi is go mbeifear in ann ár gcion a dhéanamh ar leas foriomlán theifigh na hÚcráine agus phobal na Gaeltachta araon, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.