Written answers

Thursday, 26 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

50. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas atá sé i gceist aici tacú le gealltanas fostaíochta fiche faoin gcéad laistigh d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3447/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Shínigh Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, agus ó shin i leith tá mo Roinn ag obair go tréan chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil conradh taighde bliana aontaithe le hOllscoil na Gaillimhe chun tabhairt faoi thaighde a bheidh mar bhunús d’ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge. Tá luach de €325,500 curtha leis an gconradh seo agus is píosa mór é a aontú sna holl-iarrachtaí a bheidh ar bun chun a chinntiú go mbainfear amach spriocanna uaillmhianacha an Achta – go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030 ina measc. Mar thaca don obair seo, tá gealltanas Rialtais maidir leis an bPlean a chur i bhfeidhm san áireamh in Athnuachan na Státseirbhíse 2030 chomh maith.

I measc na mbuaicphointí eile faoin Acht le bliain anuas, ábhartha do cheist an Teachta, bhí:

- Bunú an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilgear an 20 Meitheamh 2022. Bhí an bunú seo ag teacht leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith san Acht, go mbeadh sé déanta laistigh de 6 mhí ó achtú an Achta. Titeann an oll-fhreagracht ó thaobh ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge ar an gCoiste agus é le cur i gcrích acu roimh an 19 Meitheamh 2024. Chuige sin, tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gCoiste, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina measc. Tríd an bPlean agus a chuid oibre go ginearálta, beidh ról lárnach ag an gCoiste i gcur chuige comhordaithe a stiúradh chun a chinntiú go n-earcófar líon dóthanach pearsanra le Gaeilge chun seirbhísí a sholáthar.

- Forbairtí déanta ar chúrsaí oiliúna Gaeilgeagus cúrsa píolótach reáchtáilte le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag déanamh teistiú ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do Státseirbhísigh thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse anois. Is mar thoradh ar chomhoibriú leanúnach idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fheidhmiú an Achta a tháinig an beart seo chun cinn. Agus Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha luaite go sonrach san Acht, ar a bhfuil an córas TEG bunaithe, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus daoine le scileanna teanga ar leith á lorg do réimse leathan róil éagsúla sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí i gcomhthéacs na sprice uaillmhianaí earcaíochta atá leagtha amach san Acht sna blianta amach romhainn. Tá an dá Roinn ag féachaint freisin ar bhealaí éagsúla chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge laistigh den chóras chomh maith le níos mó feasachta a chruthú ar an teanga i gcoitinne. Beart breise amháin atá le déanamh ná gnéithe feasachta teanga a chur le roinnt eile de chúrsaí OneLearning, ag díriú ar dtús ar chúrsaí seirbhíse do chustaiméirí agus do bhainisteoirí sóisearacha – réimsí ina bhféadfaí tionchar mór a imirt ar iompar teanga san ionad oibre. Táthar ag súil go mbeidh sé seo déanta go luath i mbliana mar aon le Líonra Gaeilge a bhunú chun tacú leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid agus/nó a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga.

- Tá gach deis tapaithe chunfeasacht a chruthú faoin Acht- go háirithe sa chomhthéacs gur togra uile-Rialtais atá ann agus go mbeidh dualgais ar an státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú. Mar thaca dó seo chomh maith, rinne mo Roinn, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, sraith seimineár faisnéise a eagrú ar líne ag deireadh mhí Iúil anuraidh ar mhaithe le comhairle a chur ar eagrais Stáit i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. D’fhreastail os cionn 1,000 fostaithe den stát orthu seo.

- Anuas air seo uilig, tá beartaithe feachtas feasachta mór a reáchtáil sa chéad leath den bhliain i mbliana ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh siúd le Gaeilge sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí. Tá i gceist go ndéanfar feachtas feasachta rialta, uair sa bhliain nó mar sin, a reáchtáil chun feasacht a chothú faoi ghnéithe ar leith den Acht de réir mar a thugtar feidhm dóibh.

Chomh maith leis an méid sin thuas, tá acmhainní foirne breise faighte don Roinn mar aon le €1m de mhaoiniú reatha i mBuiséad 2023 ar mhaithe leis na hiarrachtaí sa spás seo a threisiú. Leis an maoiniú seo, tá roinnt tionscnamh féideartha agus nuálacha á bhfiosrú faoi láthair, mar shampla:

- Scéim Printíseachta a bhunú, i gcomhar leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta;

- Scéim Intéirneachta a bhunú, ag féachaint go háirithe ar na riachtanais ar leith a bheidh ag teacht faoin Acht, i réimse na cumarsáide mar shampla;

- Athbhreithniú agus leathnú amach a dhéanamh ar fheidhmeanna Thionscnamh Ardscileanna Gaeilge de chuid na Roinne chun go ndíreofaí níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn.

In 2023, is cinnte go mbeifear ag leanúint chomh maith le feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil - an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Chuige sin, d’fhógair mé an tseachtain seo caite go bhfuil beartaithe agam tús feidhme a thabhairt do na hAilt go léir, seachas d’Alt 17 (mar nach féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga aontaithe), i mbliana ar na dátaí a leanas:

- 15/03/2023- Na hAilt seo a leanas: 2a, 2b, 7, 9, 10, 11, 15, 18 agus 19

- 30/04/2023- Na hAilt seo a leanas: 3 agus 16

- 31/05/2023- Na hAilt seo a leanas: 12, 13 agus 14

- 31/10/2023- Na hAilt seo a leanas: 4 agus 5

Agus an sceideal tosaithe seo curtha i bhfeidhm, beidh tús curtha le gach alt ábharthach den Acht roimh dheireadh 2023 - bliain iomlán roimh an spriocdháta atá sonraithe san Acht. Cé go bhféadfadh cúinsí gan choinne dul i bhfeidhm ar na hamscálaí atá beartaithe, déanfar gach iarracht cloí leis na dátaí atá tugtha.

Leis an obair uile a dhéanfar maidir le cur i bhfeidhm an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Idir é seo uilig, táim an-dóchasach gur féidir an sprioc seo a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.