Written answers

Thursday, 26 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

46. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén teagmháil a bhí aici le Údaras na Gaeltachta faoi Choláiste Íosagáin, Baile Mhuirne; an bhfuil sé sásta go bhfuil Údaras na Gaeltachta ag gluaiseacht chomh tapaidh ar féidir leo leis an togra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3402/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ag an eagraíocht maidir le forbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne. Is iad seo a leanas na príomh oibreacha atá bainte amach ar an togra go dtí seo:

- Tá bainisteoir togra fostaithe agus é i mbun a chúraimí ón 4ú Eanáir 2022.

- Toisc go raibh tionchar mór ag boilsciú tógála ar an tionscadal, rinneadh measúnú luach ar airgead ar an togra le linn 2022. Fostaíodh an comhlacht CEP chun an mheastóireacht seo a dhéanamh agus cuireadh tuarascáil dhearfach le chéile faoi Lúnasa 2022.

- Tá Grúpa Comhairleach Comhpháirtithe curtha le chéile, comhdhéanta d'institiúidí tríú leibhéal sa cheantar, Comhairle Chontae Chorcaí, Fiontraíocht Éireann, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí agus lucht gnó áitiúla.

- Ceadaíodh €2.7m ó Fhiontraíocht Éireann i 2019 chun obair a dhéanamh ar an togra seo tríd an scéim CFER. Anuas air sin, tá cómhaoiniú de €851,478 curtha ar fáil ag Údarás Na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá €50,000 geallta ag Comhairle Chontae Chorcaí agus €190,000 faighte tríd an gCiste Forbartha Eacnamaíochta Reigiúnach chun máistirphlean a chur le chéile don togra iomlán - tasc atá beagnach críochnaithe.

- D’éirigh leis an Údarás maoiniú ón gCiste Spreagtha an Rialtais a mhealladh don togra chun oibreacha suíomh a dhéanamh. Caitheadh €978,852 ar na hoibreacha seo atá curtha i gcrích faoin tráth seo.

- Mar chuid de na riachtanais a bhain leis an gCiste Forbartha Eacnamaíochta Reigiúnach, bunaíodh comhlacht nua “Seirbhísí Forbartha Gnó DAC” chun an togra seo a bhainistiú agus tá bord nua curtha in áit ag an Údarás don chomhlacht seo.

- Tá seirbhísí comhairleach margaíochta fostaithe don togra chun roinnt oibre a dhéanamh ar fhorbairt bhranda Choláiste Íosagáin. Lena chois sin, cuirfear ábhar láithreoireachta agus suíomh gréasáin nua ar fáil.

Ag an bpointe seo, táthar ag fanacht ar chead pleanála iomlán chun leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt ar fhoirgneamh Choláiste Íosagáin. Cé go raibh cead pleanála bainte amach cheana, bhí ar an Údarás iarratas breise a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chuid den fhoirgneamh atá míshocair ó thaobh struchtúir de. Rinneadh an t-iarratas seo ar an 27ú Meán Fómhair 2022. Tá sé beartaithe an píosa lochtach seo a bhaint den fhoirgneamh agus píosa nua a chur ina áit. Tháinig fógra le haghaidh tuilleadh eolais ón Údarás Áitiúil i mí na Nollag 2022 agus táthar ag tabhairt aghaidh ar an iarratas sin faoi láthair.

Tá tús curtha leis an próiseas tairisceana i leith na hoibre agus táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích faoi Mhárta na bliana seo. Fearacht tograí eile a bhféadadh caiteachas suntasach a bheith ag baint leo, beidh an togra seo á thabhairt chun cinn i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.