Written answers
Wednesday, 25 January 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
94. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Phairliminte 569322/22, an ndearbhóidh sí go bhfuil oifigeach pleanála teanga ceaptha i mBearna agus Cnoc na Cathrach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3745/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoi mar a cuireadh in iúl roimhe seo sa bhfreagra ar Cheist Pharlaiminte 56932/22, rinneadh plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.
I mí an Mheithimh 2022, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tús fheidhmiú an phlean teanga sa limistéar a bhrú chun cinn.
Ceapadh an té sin i mí Iúil 2022 agus tuigtear don Roinn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag Coiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí le struchtúr foirmiúil (comhlacht) a bhunú chun gur féidir leo bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
Ina theannta sin meastar go mbeidh an post mar Oifigeach Pleanála Teanga á fhógairt ag an gceanneagraíocht sna seachtainí beaga atá amach romhainn.
Ní gá dom a rá go mbeidh mo Roinn ag leanúint suas an t-ábhar seo mar is cuí leis an Údarás gan mhoill lena chinntiú go mbrúitear an cás go ceann scríbe gan tuilleadh moille.
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
95. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar an athbhreithniú neamhspleách atá beartaithe ag a Roinn ar an gcóras pleanála teanga; cé atá i mbun an athbhreithnithe; cén dáta a bheidh sé críochnaithe agus foilsithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3746/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá céimeanna idir lámha ag mo Roinn i dtreo comhairleoirí a lorg agus a cheapadh chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga - faoi mar a d’iarr na ceanneagraíochtaí pleanála teanga iad féin.
Foilsíodh an cuireadh chun tairisceana ar 16 Eanáir agus glacfar le hiarratais ó chomhlachtaí ar spéis leo tabhairt faoin obair idir seo agus 6 Feabhra. Meastar go dtógfaidh sé thart ar 6 mhí chun an obair a chur i gcríoch.
Is é an cuspóir a bheidh leis an athbhreithniú ná breathnú ar conas mar atá ag éirí le feidhmiú na bpleananna sin, cad atá ag oibriú agus cad is gá a fheabhsú. Táthar ag súil leis go gcabhróidh sé seo uile le feidhmiú an phróisis go ginearálta agus go mbeidh gach páirtí leasmhar in ann leas a bhaint as torthaí an athbhreithnithe ar bhonn comhpháirtíochta.
Ní gá a rá go bhfuil cistíocht á cur ar fáil ag mo Roinn i rith an ama tríd Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge lena chinntiu go bhfuil an próiseas ag feidhmiú mar is cuí.
Tugtar léargas ar a bhfuil ar bun trí chéile faoi seo agus réimsí eile sa tuairisc bhliantúil is déanaí maidir le feidhmiú Phlean Gníomhaíochtaí an Rialtais don Ghaeilge, a bhfuil fáil air ar shuíomh mo Roinne.
No comments