Written answers

Thursday, 19 January 2023

Department of Education and Skills

Teagasc na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

255. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas faoin tuarascáil atá réitithe le tamall anois ag Ollscoil na Gaillimhe do CNCM ar an gcomhairliúchán a bhí ar siúl faoi na sonraíochtaí Gaeilge don ardteistiméireacht, nó ar chuir CNCM cóip di chuici; an bhfuil sé i gceist í a fhoilsiú go poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2499/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh curaclam reatha Gaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe) isteach i scoileanna i 1995. Bunaithe ar thaighde agus ag tógáil ar an tsamhail soláthair atá i bhfeidhm cheana féin ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) grúpa forbartha ionadaíoch don ábhar in 2018 chun tús a chur le hobair ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe). D’oscail an CNCM comhairliúchán ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 i mí Feabhra 2021. Mar fhreagairt ar aiseolas agus éilimh ó pháirtithe leasmhara, cuireadh síneadh leis an spriocdháta don chomhairliúchán seo go deireadh mhí na Samhna 2021. Cuireadh cóip den tuarascáil chomhairliúcháin faoi bhráid mo Roinne le déanaí dá breithniú

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

256. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas faoin tuarascáil atá réitithe le tamall anois ag Sealbhú do CNCM ar an gcomhairliúchán luaithe a bhí ar siúl faoi na sonraíochtaí nua Gaeilge don teastas sóisearach, nó ar chuir CNCM cóip di chuici, an bhfuil sé i gceist í a fhoilsiú go poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2503/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ndiaidh comhairliúchán forleathan, tugadh isteach sonraíochtaí Gaeilge T1 (Teanga 1) agus T2 (Teanga 2) i scoileanna in 2017 mar chuid de chéim 3 de chur i bhfeidhm an Chreata don tSraith Shóisearach (2015). Ba é sin an chéad uair a rinneadh soláthar curaclaim scoite don Ghaeilge, mar fhreagairt d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara, do scoláirí a bhí ag foghlaim na Gaeilge in iar-bhunscoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Ó fhómhar na bliana 2017 ar aghaidh, tá na scoláirí go léir atá ag tosú ar an tSraith Shóisearach ag foghlaim na Gaeilge de réir mar atá leagtha amach sna sonraíochtaí nua sin.

Mar fhreagairt do na hiarratais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán maidir le dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta le déanaí, chinn Comhairle CNCM athbhreithniú a dhéanamh ar thabhairt isteach luath T1 agus T2 sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach. Dá réir sin, tuigim go bhfuil tuarascáil ar thabhairt isteach luath T1 agus T2 sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach á tabhairt chun críche ag CNCM faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.