Written answers

Thursday, 19 January 2023

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

392. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a thosóidh obair ar an gcé dhomhainfharraige i Ros an Mhíl; cen tráth atá i gceist chun cur isteach ar shíneadh ama ar an gcead pleanála don ché; cén uair a rithfidh an cead pleanála amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2594/23]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta Dála go bhfuil sé beartaithe ag na conraitheoirí atá ceaptha chun tabhairt faoi thionscadal na Cé Domhainmhara tús a chur leis an obair ag an láthair sna laethanta beaga amach romhainn. Bhuail ionadaithe ó mo Roinn agus comhairleoirí an tionscadail le hionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ag tús mhí na Nollag chun cúrsaí pleanála a phlé. Ag an gcruinniú sin, cuireadh in iúl don Roinn go bhfuil an cead pleanála bailí go dtí mhí Iúil mar gheall ar fhorálacha reachtúla a bhaineann le fachtóirí cosúil le tréimhsí saoire agus liúntais eile. Chomh maith leis sin, cuireadh in iúl don Roinn nach mór oibreacha suntasacha a chur i gcrích sular féidir síneadh a chur leis an gcead pleanála atá faighte. Chuige sin, coinneofar súil ghéar ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis an tionscadal chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an uair ba cheart aon iarratas pleanála a dhéanamh chun síneadh a chur leis an gcead pleanála atá faighte cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.