Written answers

Wednesday, 18 January 2023

Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth

Seirbhísí Cúram Leanaí

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

947. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth an aontaíonn an tAire go bhfuil géarghá le plean cuimsitheach chun tabhairt faoi na heasnaimh sa soláthar seirbhísí cúraim leanaí trí Ghaeilge agus sa luath-oideachas trí Ghaeilge sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus gur cóir go rachfaí i ngleic ach go háirithe le cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a bhunú agus tuarastal ceart a chinntiú don fhoireann sna seirbhísí sin ar mná iad a bhformhór. [63362/22]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

949. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth an aontaíonn an tAire go bhfuil géarghá le plean cuimsitheach le tabhairt faoi na heasnaimh sa soláthar maidir le seirbhísí cúram leanaí trí Ghaeilge agus ar luath-oideachas trí Ghaeilge sna limistéir phleanála teanga Gaeltachta agus go rachfaí i ngleic ach go háirithe le cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a bhunú agus tuarastal ceart a chinntiú don fhoireann sna seirbhísí sin ar mná iad a bhformhór. [63402/22]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 947 and 949 together.

Tá luach mór ag baint le tacú le seirbhísí a chur ar fáil do pháistí sa Ghaeilge agus iad an-óg. Tá ról tábhachtach ag seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí (ELC) anseo, go háirithe maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo.

Tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an Roinn Oideachais chun sraith chuimsitheach gníomhartha a aontaíodh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022 a chur i bhfeidhm, a bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2023. Tá na gníomhartha seo ceaptha chun a dhearbhú an tábhacht atá ag suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí chun forbairt agus athbheochan na Gaeilge a spreagadh. Is í aidhm na ngníomhartha seo ná cur leis na bearta, na tacaíochtaí agus na comhpháirtíochtaí atá i bhfeidhm cheana féin i réimse na luathfhoghlama agus an chúraim leanaí lán-Ghaeilge, agus na tacaíochtaí agus na seirbhísí sin a fheabhsú tuilleadh.

In 2022, de réir na ngealltanas sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana, cheap mo Roinn Comhordaitheoir Tacaíochta Gaeilge a bhfuil freagracht uirthi as an obair a chomhordú chun tacú le forbairt agus úsáid na Gaeilge i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí na Gaeilge. Tabharfaidh an comhordaitheoir seo treoir do phost speisialtóra luathbhlianta eile de chuid na Gaeilge a cheapadh in 2023.

Tá mo Roinn i gceannas ar obair, i gcomhar le Ranna agus gníomhaireachtaí eile, i mapáil na seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí atá ann cheana féin. Cuirfidh an mhapáil seo bonn eolais faoi phlean cuimsitheach a fhorbairt don earnáil, de réir an tiomantais sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana.

Ós rud é nach bhfostaíonn an Stát oideoirí luathbhlianta ná cleachtóirí cúraim leanaí atá in aois scoile, ní féidir liom leibhéil pá a shocrú ná coinníollacha oibre a chinneadh don fhoireann san earnáil. Mar sin féin, rinneadh forbairt thábhachtach agus stairiúil le déanaí nuair a socraíodh íosrátaí nua in aghaidh na huaire do róil éagsúla san earnáil, nuair a tháinig na chéad Orduithe Rialacháin Fostaíochta riamh do Sheirbhísí Luathbhlianta i bhfeidhm ar an 15 Meán Fómhair 2022.

Meastar go bhfaca 73% díobh siúd a bhí ag obair san earnáil go raibh ardú ar a bpá dá bharr.

Tá tacaíocht á tabhairt do na hOrduithe ó Bhunmhaoiniú– a bhfuil leithdháileadh €259 milliún aige ina chéad bhliain – chun tacú le feabhsuithe ar phá foirne, chomh maith le táillí tuismitheoirí a reo agus tacú le hinbhuanaitheacht seirbhísí.

Táim tiomanta freisin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar choinníollacha oibre foirne.

I mí na Nollag 2021, d'fhoilsigh mé "Nurturing Skills: The Workforce Plan for Early Learning and Care and School-Age Childcare, 2022-2028". Tá sé mar aidhm ag Scileanna a Chothú an próiseas leanúnach gairmiúlachta a neartú. Cuimsíonn ceann de na cúig "cholún" de Scileanna a Chothú gealltanais atá dírithe ar thacú le hearcaíocht, coinneáil agus éagsúlacht san fhórsa saothair, agus áirítear leis gníomhartha chun próifíl gairmeacha san earnáil a ardú.

Tagraíonn Colún 3 de Scileanna a Chothú go sonrach don ghá atá leis an gcóras náisiúnta Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (CPD) a neartú. De réir gealltanais maidir le Scileanna a Chothú, tá mo Roinn i gceannas faoi láthair ar fhorbairt clár breise ríomhfhoghlama ar líne agus cumaisc, a bheidh ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon, don fhoireann i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí, mar chuid de na tacaíochtaí CPD a chuireann mo Roinn ar fáil agus thar a cheann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.