Written answers

Wednesday, 18 January 2023

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

829. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aici aon chuid den 3.5 uair a chloig atá leagtha síos faoi láthair do mhúineadh na Gaeilge sa tseachtain ó rang an haon go rang a sé a ghearadh sa gCreat Nua Curaclaim Bunscoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2338/23]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá an Curaclam Bunscoile á athbhreithniú agus á athfhorbairt faoi láthair. Le blianta beaga anuas tá taighde fairsing náisiúnta agus idirnáisiúnta, obair le líonra scoileanna agus comhpháirtithe oideachais agus comhairliúchán fairsing le leanaí aois bunscoile mar chuid d’fhorbairt an Chreata Curaclam Bunscoile (CCB) nua. 

Tá fís; prionsabail; príomhinniúlachtaí; struchtúr; cuir chuige i leith na foghlama, an teagaisc agus an mheasúnaithe; agus leithdháiltí ama do Churaclam na Bunscoile leagtha amach sa chreat. Soláthraítear treoirphlean sa chreat freisin chun feabhsú an bhunoideachais agus an oideachais speisialta a threorú do na blianta atá le teacht. Tá nasc cruthaithe le heispéiris foghlama a sholáthraítear trí théamaí Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige agus tá ceangal idir é agus na hábhair, na príomhscileanna agus na ráitis foghlama atá sa Chreat don tSraith Shóisearach.

Tá an Creat curtha faoi bhráid mo Roinne ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dá bhreithniú. Tuigim an fonn atá sa phobal oideachais agus sa phobal i gcoitinne go bhfoilseofaí Creatchuraclam na Bunscoile ach ní mór dúinn ár mbreithnithe a thabhairt chun críche ar dtús. Tá an Creat á mheas go cúramach ag m’oifigigh agus agam féin lena chinntiú go dtacóidh sé le boird bhainistíochta, le ceannairí scoile agus le múinteoirí, oideachas cuí a chur ar fáil dár leanaí go léir inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta agus go dtacóidh sé le forbairt curaclam bunscoile a fhreastalaíonn ar riachtanais dhaltaí an lae inniu agus na todhchaí.

Foilseofar an Creat nuair a bheidh na breithnithe sin tugtha chun críche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.