Written answers

Wednesday, 18 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

429. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil Naíolann Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí dúnta do leanaí nua. [63359/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

430. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ó tharla nach féidir le Naíonra/Naíolann Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí freastal don éileamh áitiúil ar sheirbhísí cúraim leanaí trí Ghaeilge agus ar luath-oideachas trí Ghaeilge ó thuismitheoirí na háite agus gurbh éigean dóibh malairt socruithe a dhéanamh le seirbhísí trí Bhéarla, rud atá ag teacht salach ar an bpleanáil teanga, an aontaíonn an tAire nach bhfuil sé seo sásúil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [63360/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

431. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht ó tharla go bhfuil éileamh gan sásamh ar sheirbhís cúraim leanaí trí Ghaeilge agus ar luath-oideachas trí Ghaeilge i mBaile Ghib i nGaeltacht na Mí, ar mhiste leis an Aire a mhíniú (1) conas a mhaoinítear naíonraí agus naíolanna sa Ghaeltacht, idir chostais bhunaithe agus costais reatha agus (2) cad é an ról atá ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta maidir le bunú agus le maoiniú naíonraí agus naíolanna sa Ghaeltacht. [63361/22]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 429 to 431, inclusive, together.

Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) tacaíocht ar fáil do ghrúpaí/coistí áitiúla le seirbhísí luathbhlianta a bhunú agus a reáchtáil sa Ghaeltacht.

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta an cuideachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. (CNNG) in 2004 chun bainistiú agus riar a dhéanamh ar bhonneagar luathoideachais na naíonraí agus na seirbhísí cúram leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is ar an gCeathrú Rua atá an eagraíocht lonnaithe, le fo-oifigí i Maigh Eo, i nDún na nGall agus i bPort Láirge. 

Is iad príomh aidhmeanna na heagraíochta ná:  

- Deis a thabhairt do gach páiste sa Ghaeltacht freastal ar sheirbhís luathoideachais nó cúram leanaí trí mheán na Gaeilge;  

- Seirbhís luathbhlianta d'ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta; 

- Polasaithe an Stáit i leith na luathbhlianta a chur i bhfeidhm;  

- Polasaithe an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachas luathbhlianta a chur i bhfeidhm;  

- Sláinte agus Sábháilteacht an linbh a chinntiú mar aon le sábháilteacht na foirne oibre.

Tuigtear dom, bunaithe ar eolas atá faighte ag Údarás na Gaeltachta ó CNNG, go bhfuil 62 páiste ag freastal ar Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn atá á reáchtáil ag CNNG.  Tá ceathrar páistí ag freastal ar an tseirbhís naíolanna, 34 páiste ag freastal ar an tseirbhís naíonra agus 24 páiste ar an tseirbhís iarscoile.

Tá 11 fostaithe ag CNNG in Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn.  Tá CNNG i mbun próiseas earcaíochta le roinnt míonna anuas le beirt eile a fhostú.  Ar an drochuair, bíonn deacrachtaí leanúnacha ag an eagraíocht a ndóthain daoine cáilithe a earcú dá cuid seirbhísí - dúshlán atá le feiceáil san earnáil ar fud na tíre.  É sin ráite, tá beirt nua aimsithe ag CNNG le dul i mbun oibre san Ionad Cúram Leanaí i Ráth Chairn agus tá siad ag tabhairt faoi cúrsa cáilíochta QQI Leibhéal 6 i gcúram leanaí faoi láthair le tacaíocht ó scéim oiliúna Údarás na Gaeltachta.  Tá súil ag CNNG go mbeidh siad ar fáil le dul i mbun obair chúram leanaí san Ionad i Ráth Chairn nuair atá an cháilíocht sin bainte amach acu agus go mbeifear in ann breis páistí a thógáil i Meán Fómhair 2023.

Níor thóg Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn aon leanaí faoi bhliain d’aois isteach sa naíolann don bhliain  2022/23 de bharr nach bhfuil dóthain foirne ar fáil le aire a thabhairt do na páistí san aoisghrúpa sin.  Is cóimheas aon duine fásta le triúr leanaí (1:3) atá i gceist le páistí faoi bhliain d’aois. 

Tuigtear don Roinn go raibh plé ar siúl idir coiste áitiúil i mBaile Ghib le hos cionn dhá bliain anuas maidir le naíonra a bhunú ansin.  D’aontaigh Bord Stiúrtha CNNG i mí Feabhra 2021 glacadh le iarratas a bhí faighte aige ó choiste a bhí ag iarraidh naíonra nua a bhunú i mBaile Ghib.  Bhí go leor plé idir CNNG, an tÚdarás, an coiste agus ionadaithe an halla áitiúil sa cheantar maidir leis na riachtanais go léir a bheadh le cur in áit, teastas dóiteáin san áireamh, chun go bhféadfaí an ionad a chlárú le Tusla agus seirbhís luathbhlianta a sholáthar i mBaile Ghib. 

Cé nach raibh na céimeanna cuí curtha ina n-áit in am do chlárú Mheán Fómhair 2022, meastar go bhfuil gach in áit don iarratas atá faoi bhráid Tusla faoi láthair. Meastar go mbeidh scrúdú a dhéanamh ar an ionad i mí Feabhra 2023 agus, má éiríonn leis, go mbeidh tuismitheoirí á gcur ar an eolas go mbeidh seirbhís ar fáil ó Mheán Fómhair 2023, ag brath ar fhoireann cáilithe a bheith ar fáil leis an tseirbhís a reáchtáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.