Written answers
Wednesday, 14 December 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Straitéisí Ranna
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
69. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon chomhairliúchán déanta ag a Roinn le hearnáil scannánaíochta na Gaeilge agus le hearnáil na dtaibhealaíon Gaeilge, lena n-áirítear An Taibhdhearc, TG4, Léiritheoirí Scáileáin Éireann, agus oibrithe cruthaitheacha agus teicniúla sna héarnálacha sin, maidir leis an Straitéis Náisiúnta d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge atá á cur le chéile ag a Roinn, agus an dtabharfaidh sí ráiteas i dtaobh an dul chun cinn atá déanta ar an Straitéis sin agus an dáta faoina mbeidh an Straitéis réidh. [62572/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca breise d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann, rinne mo Roinn, i gcomhar le hÉire Ildánach, tuairisc a choimisiúnú faoin ábhar in 2018. Is é Ollscoil Luimnigh faoi scáth Ealaín na Gaeltachta a ceapadh don chúram le maoiniú ón Roinn agus Éire Ildánach.
Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an Roinn faoi láthair i gcomhar le páirtithe leasmhara ina leith i dtreo an tuairisc a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Chun tacú le dlús a chur le feidhmiú príomh-mholtaí na tuairisce beidh cistíocht faoi leith á chur go leataobh ina leith in 2023.
Comhthreomhar leis seo uile, cuirtear maoiniú faoi leith ar fáil ar bhonn leanúnach chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca don phróiseas pleanála teanga inter alia. I measc na n-eagraíochtaí a gcuirtear an maoiniú seo ar fáil dóibh chun tacú lena gcláir oibre a mbíonn baint dhíreach nó tánaisteach aige leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta, an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus An Taibhdhearc.
No comments