Written answers

Tuesday, 13 December 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

282. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil a fhios aici go bhfuil fostaithe de chuid Fhoras na Gaeilge sa Stát seo ag íoc ÁSPC d'Aicme A agus ranníocaíochtaí pinsin ar scála pá aguisín 1A, ach go bhfuil an scála pá 2A aitheanta ag Foras na Gaeilge ina leith nuair a íoctar deontais leis na heagraíochtaí Gaeilge, agus an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go réiteofar an éagóir seo i dtaca le pá fostaithe agus iarfhostaithe de chuid an Fhorais. [61897/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá socruithe difriúla pá agus pinsin ag na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, cosúil le Foras na Gaeilge, ná mar atá ag an Státseirbhís. Léiríonn sé seo nádúr uathúil trasteorann na gcomhlachtaí seo, a bhfuil fostaithe acu sa dá dhlínse.

Tuigtear dom go bhfuil Ciorclán 22/2017 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dírithe ar státseirbhísigh amháin agus go bhféadfadh sé nach mbaineann sé le cúinsí sonracha comhlachtaí seirbhíse poiblí eile, mar atá anseo.

Socraítear na scálaí atá infheidhmithe chun críocha pá maidir le foireann theas na gComhlachtaí Thuaidh/Theas de réir a gcatagóir ballraíochta sa Scéim Pinsin Thuaidh/Theas (i.e. cibé acu an bhfuil siad ina gcomhaltaí den Chroí-Scéim Pinsin nó an Scéim Cearta Forchoimeádta).

Tá scálaí pá Ranníocaíochta Pinsin Neamhphearsanta i bhfeidhm ar chomhaltaí na Croí-Scéime sin ó cuireadh tús léi in Aibreán 2005. Tá an Chroí-Scéim Pinsin Thuaidh/Theas bunaithe ar shocruithe pinsin státseirbhís Thuaisceart Éireann.

Leanann na scálaí pá seo d’fheidhm a bheith acu tar éis leasuithe “Hutton” ar an gCroí-Scéim i mí Aibreáin 2015, inar tugadh isteach roinnt beart chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na Scéime a chinntiú, bunaithe ar na hathruithe ar shocruithe pinsin státseirbhís Thuaisceart Éireann. Sular tugadh isteach na hathchóirithe seo, tugadh rogha aonuaire do gach ball foirne ó dheas chun ballraíocht a choinneáil sa Croí-Scéim nó bogadh chuig an Scéim Cearta Forchoimeádta nó a mhalairt.

Is fiú cuimhneamh air, mar aitheantas ar na rátaí ranníocaíochta méadaithe atá déanta ag comaltaí na Croí-Scéime Pinsin Thuaidh/Theas ó Aibreán 2015, go ndéantar foráil san Acht um Pá agus Pinsin na Seirbhíse Poiblí 2017 do dhíolúine ón Ranníocaíocht Aoisliúntais Bhreise nua do chomhaltaí na Croí-Scéime ón 1 Eanáir 2019. Tá deireadh leis an gceanglas maidir le hAsbhaint a bhaineann le Pinsean a íoc ón dáta seo freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

283. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici maoiniú breise a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ionas go mbeidh an Foras in ann an íocaíocht chuí a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge arna maoiniú aige, sa tslí is go bhfaighidh na daoine atá fostaithe ag na heagraíochtaí sin an t-ardú pá, ar fiú 7.5% é, atá á thabhairt d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. [61898/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a thuigeann an Teachta, is áisíneacht de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níltear in ann cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair agus dá réir níltear in ann ardú buiséid a cheadú.

Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn seo agus 25% ón Roinn Pobail, Tuaisceart Éireann. Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn seo agus 75% ón Roinn Pobail.

I mbuiséad 2021, chuir mo Roinn ardú dár luach €1,379,000 ar fáil don Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Cuireadh an t-ardú sin i bhfeidhm ina iomláine ar bhuiséad áisíneachtaí an Fhoras Teanga in 2022.

Tá ardú dár luach €700,000 curtha ar fáil i mbuiséad mo Roinne don Fhoras Teanga Thuaidh Theas do 2022 agus arís do 2023. Ní rabhthas in ann an t-ardú sin a chur i bhfeidhm i mbuiséid na n-áisíneachtaí go dtí seo, de thairbhe nach rabhthas in ann cruinniú CATT a ghairm.

Bheifí ag súil go gcuirfí ardú i bhfeidhm a luaithe agus a bheifear in ann cruinniú CATT a ghairm agus na buiséid a fhaomhadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.