Written answers

Tuesday, 13 December 2022

Department of Rural and Community Development

Na hOileáin amach ón gCósta

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

688. To ask the Minister for Rural and Community Development cén staid reatha atá ag an bPolasaí Oileánda; cén dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an bPolasaí ó foilsíodh an Plépháipéar i mí na Samhna 2019; agus cén dáta a bhfuil sé i gceist ag an Aire an polasaí a sheoladh. [61764/22]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá Polasaí Oileánda, mar aon le pleananna gnímh gaolmhara, á fhorbairt ag an Rialtas, agus, leis na hoileáin mar dhualgas ag mo Roinn, tá mé tiomanta chun é a chur i gcrích agus a fhoilsiú. Leagadh amach aidhm an Rialtais i leith on pholasaí seo i gcaibidil 10 de Ár dTodhchaí Tuaithe - Beartas Forbartha Tuaithe an Rialtais 2021-2025, a foilsíodh i 2021.

Bhí próiseas fada comhairliúcháin ag mo Roinn le pobail na n-oileán, chomh maith leis na Ranna Stáit eile, Comhairlí Contae agus páirtithe leasmhara eile. Tá an phróiseas sin curtha i gcrích agus an t-aiseolas mar léargas luachmhar ar phríomh thosaíochtaí, dúshláin agus deiseanna do na pobail oileánda.

Bunaíodh coiste idir-rannach do na hoileáin faoi Chathaoirleacht mo Roinne, agus tionóladh a gcruinniú is deireanaí i mí Dheireadh Fómhair. Roinneadh an chéad dréacht den pholasaí ag an gcruinniú seo agus iarradh ar bhaill an choiste athbhreithniú a dhéanamh air agus a gcuid moltaí agus aiseolas a sheoladh ar ais. Tá sé sin déanta anois, agus an doiciméad á leasú dá réir.

Tá súil agam dréacht den polasaí a bheith os mo chomhair roimh dheireadh na bliana agus é a sheoladh i 2023.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.