Written answers

Thursday, 8 December 2022

Department of Education and Skills

Oideachas Tríú Leibhéal

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

251. To ask the Minister for Education and Skills céard iad na riachtanais iontrála Ghaeilge nach mór do mhac léinn a chomhlíonah chun áit a fháil ar chúrsa múinteoireachta bunscoile sna coláistí tríú leibhéal atá maoinithe ag an Stát. [61529/22]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

252. To ask the Minister for Education and Skills céard iad na riachtanais iontrála Ghaeilge nach mór do mhac léinn a chomhlíonadh chun áit a fháil ar chúrsa múinteoireachta bunscoile sna coláistí tríú leibhéal príobháideacha ag leibhéal fo-chéimithe agus iar-chéimithe araon. [61530/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 251 and 252 together.

Tá sé beartaithe agam ceisteanna parlaiminte 61529/22 agus 61530/22 a thógáil le chéile.

Creidim go bhfuil an Teachta ag tagairt don chlár fochéime dá ngairtear Baitsiléir Oideachais (B.Ed. Sruth Ginearálta) agus don chlár iarchéime dhá bhliain dá ngairtear Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) don mhúinteoireacht bhunscoile.

Tá ceithre cinn d’Institiúidí Ardoideachais Státmhaoinithe ag soláthar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) don mhúinteoireacht bhunscoile. Soláthraíonn gach ceann díobh sin clár fochéime OTM/B.Ed. agus clár iarchéime/MGO ar bhonn lánaimseartha:

- Ollscoil Mhá Nuad (a chuimsíonn Coláiste Oideachais Froebel roimhe seo);

- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach;

- Institiúid Oideachais OCBÁC (a chuimsíonn Coláiste Oideachais Naomh Pádraig roimhe seo, Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann agus Institiúid Mater Dei);

- Institiúid Oideachais Marino.

Tá soláthraí príobháideach amháin, Coláiste Hibernia, nach soláthraíonn ach amháin clár iarchéime (MGO) (bunscoil agus iar-bhunscoil). Ní sholáthraíonn sé cúrsa fochéime.

Sonraíonn mo Roinnse na bunriachtanais iontrála sna croí-ábhair: Gaeilge, Béarla agus Matamaitic i gcomhair iontrála chuig cláir um Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) lena chinntiú go bhfuil sé de chumas ag múinteoirí bunscoile ceannaireacht a ghlacadh sna réimsí suntasacha sin d'fhoghlaim daltaí. Is é an riachtanas iontrála reatha san Ardteistiméireacht ná H4 sa Ghaeilge. 

Ní mór go mbeadh an leibhéal riachtanach i nGaeilge, i mBéarla nó i Matamaitic na hArdteistiméireachta ag na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear lucht fágála scoile, mic léinn lánfhásta agus céimithe ollscoile, nó sin a chomhionann atá ceadaithe i gcomhair iontrála chuig cláir OTM don bhunoideachas. 

I gcás mic léinn lánfhásta agus mic léinn atá ag dul isteach sa chlár iarchéime agus ar mic léinn iad nach sásaíonn na bunriachtanais iontrála sa Ghaeilge, sa Bhéarla nó sa Mhatamaitic, tá sé de rogha ag an iarrthóir an Ardteistiméireacht a dhéanamh an athuair nó tabhairt faoi chúrsa staidéir ar féidir ceann de na cáilíochtaí malartacha san ábhar (sna hábhair) atá i gceist a ghnóthú as mar atá léirithe sa Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) Riachtanais Iontrála agus Nósanna Imeachta a foilsíodh do 2022. Nasc: gov.ie- Conas cáiliú mar mhúinteoir bunscoile (www.gov.ie)

Beidh na riachtanais iontrála do 2023 á bhfoilsiú ag an Roinn go han-ghairid.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

253. To ask the Minister for Education and Skills céard é an caighdeán Gaeilge nach mór a bheith ag iar-mhac léinn de na coláistí tríú leibhéal Stáit le bheith cáilithe chun feidhmiú mar mhúinteoir bunscoile i scoileanna ina múintear trí Bhéarla agus i scoileanna ina múintear trí mheán na Gaeilge. [61531/22]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

254. To ask the Minister for Education and Skills céard é an caighdeán Gaeilge nach mór a bheith ag iar-mhac léinn de na coláistí oiliúna múinteoirí príobháideacha le bheith cáilithe chun feidhmiú mar mhúinteoir bunscoile i scoileanna ina múintear trí Bhéarla agus i scoileanna ina múintear trí mheán na Gaeilge. [61532/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 253 and 254 together.

Is éard a mholfainn ná plé le PQanna 61531/22 agus 61532/22 le chéile.

I gcomhréir le ciorclán 0044/2019, ní mór do mhúinteoirí i mbunscoileanna a bheith cáilithe chun an réimse d’ábhair bhunscoile a mhúineadh do pháistí idir 4 agus 12 bhliain d’aois. Dá réir sin, ní mór d’iarratasóirí a léiriú chun sástacht na Comhairle Múinteoireachta go bhfuil siad inniúil chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun an réimse d’ábhair atá ar an gcuraclam bunscoile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge sula dtugtar aitheantas iomlán dóibh chun dul ag múineadh i ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna.

Aithnítear é seo go soiléir sa cháipéisíocht a bhaineann le Caighdeáin na Comhairle Múinteoireachta, ó thaobh na gcaighdeán a leagtar amach don Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile, agus go gcaithfidh na cláir oiliúna tosaigh múinteoirí cloí leo chun creidiúnú a fháil.

Idir 2019 agus 2020, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a polasaí maidir leis na caighdeáin a bhaineann le cláir ITE roimh an dara timthriall d’athbhreithniú agus de chreidiúnú a dhéanamh ar chláir ITE. 

Rinneadh aiseolas ón bpróiseas seo a ghlacadh isteach sna caighdeáin athbhreithnithe: Céim: Caighdeáin in Oideachas Tosaigh Múinteoirí (2020)  Tá gach clár ITE nua agus na cinn atá ann cheana féin ag teacht le Céim anois: Caighdeáin don Oideachas Tosaigh Múinteoirí, do mhic léinn na chéad bhliana.

De réir chaighdeáin nua na Comhairle Múinteoireachta, caithfear féinmhuinín agus inniúlacht gach múinteoir faoi oiliúint ar fud gach clár bunscoile ITE, a gcuid Gaeilge labhartha san áireamh, a fhorbairt go leibhéal cuí le go mbeidh sé ar a gcumas curaclam Gaeilge na bunscoile a mhúineadh.

Maidir le mic léinn i mbun an B. Ed. and M.Ed trí mheán na Gaeilge a forbraíodh le déanaí, tugadh caighdeáin shonracha bhreise isteach dóibh maidir le hiontráil agus fágáil agus iad mar seo a leanas:

B.Oid trí Mheán na Gaeilge. (2019):

I Meán Fómhair 2019, cuireadh tús in Institiúid Oideachais Marinole B.Oid trí mheán na Gaeilge ceithre bliana ar fhad do mhúinteoirí bunscoile (Baitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge) agus critéir iontrála agus fágála Gaeilge breise ag baint leis. Sa chonradh atá ag Institiúid Oideachais Marino leis an Roinn Oideachais faoi láthair, tá foráil ann do chúig cohórt mac léinn, agus an cúigiú cohórt ag tabhairt faoin gclár ITE cheithre bliana in 2023.  Chun áit ar an gclár seo a bhaint amach, caithfidh gach iarrthóir:

- na híosriachtanais iontrála do gach clár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile a bhaint amach, mar a chinneann an tAire Oideachais

- na pointí CAO atá riachtanach don chlár oideachais tosaigh múinteoirí a bhaint amach.

- Leibhéal B1 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) i ngach réimse inniúlachta teanga sa Ghaeilge a bhaint amach.

Ar fhágáil an B.Oid dóibh, ní mór do mhic léinn a léiriú go bhfuil caighdeán “úsáideoir inniúil” Leibhéal C1 (CEFRL) bainte amach acu trí thriail inniúlachta sa Ghaeilge a dhéanamh (a rinneadh í a bhailíochtú go seachtrach), triail a ndéanann tástáil ar na hinniúlachtaí teanga ar fad (éisteacht, léamh, plé ó bhéal, cumas chur in iúl, scríbhneoireacht) sa Ghaeilge.

Tá súil agam go bhfuil an t-eolas seo cabhrach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.