Written answers

Thursday, 1 December 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

134. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na céimeanna atá sé chun glacadh lena chinntiú go mbeidh soláthar dóthanach de chúrsaí rite trí mheán na Gaeilge i ngach cuid den chóras ardoideachais agus breisoideachais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [59619/22]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

In Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, arna achtú le déanaí, áirítear roinnt forálacha maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

De réir Chuspóirí an Achta éilítear ar an ÚAO aird a thabhairt, agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige, ar an tacaíocht le hinstitiúidí ainmnithe ardoideachais maidir le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge sna hinstitiúidí sin.

Tá ionadaíocht ag mo Roinn ar Choiste Stiúrtha nua a bhunaigh an Roinn Oideachais chun tacú le forbairt Polasaí ar an Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, a chuideoidh le haidhmeanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar straitéis de chuid an rialtais í, a bhaint amach.

Amhail 2021/22, bhí 59 cúrsa san earnáil Ardoideachais a raibh teagasc Gaeilge nó teagasc trí mheán na Gaeilge soláthraithe acu, agus 1,779 mac léinn áirithe leo, san iomlán. Áirítear leis sin scoláirí a bhfuil taifead glactha ina leith go bhfuil an Ghaeilge áirithe mar ábhar i gcuid dá gcúrsa agus cuimsítear leis cúrsaí i gColáistí Oiliúna Múinteoirí freisin, ach ní áirítear leis cúrsaí sa Léann Éireannach, i stair na hÉireann, sa bhéaloideas, sa cheol/damhsa agus i gcúrsaí eile dá leithéid.

Cuirtear tacaíocht ar leith ar fáil chun Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉG a fhorbairt. Is foras taighde agus oideachais é an tAcadamh a bhfuil sé mar aidhm aige an ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus a fhorbairt. Tá a cheanncheathrú lonnaithe ar phríomhchampas OÉ Gaillimh i gCathair na Gaillimhe, ach tá campais aige i gConamara freisin, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna, agus i nDún na nGall, sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair.

San Earnáil Breisoideachais agus Oiliúna, luaitear i bparaiméadair agus riachtanais na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) gur chóir do gach Bord Oideachais agus Oiliúna breithniú a dhéanamh i dtaca le cibé tacaíochtaí, agus/nó cibé soláthar trí mheán na Gaeilge, atá oiriúnach do na riachtanais sa cheantar áitiúil. Is é seo an paraiméadar céanna atá i bhfeidhm do Mheánscoileanna Deonacha, Scoileanna Pobail agus Scoileanna Cuimsitheacha araon, agus do Choláistí freisin.

D’fhéadfadh sé go mbeadh suim ag an Teachta a fháil amach go bhfuil scéim nua darb ainm Gníomhaí Gaeilge atá forbartha againn i gcomhar le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) agus an Údarás um Ard-Oideachas (HEA). Tacaíonn an ÚAO leis an scéim agus maoiniú de €150,000 curtha ar fáil thar thréimhse 3 bliana. Sannfar meantóir do gach mac léinn agus cuirfidh Cumann na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn tacaíocht ar fáil lena bplean oibre a bheidh comhaontaithe ag tosach na bliana. Chomh maith leis sin, beidh gradaim Gníomhaí Gaeilge bunaithe ar an dul chun cinn i leith a bplean oibre, ag deireadh na bliana. Beidh Teastais Gníomhaí Gaeilge ar fáil do gach dalta a ghlacfaidh páirt ghníomhach sa scéim.

Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh um Ardscileanna Gaeilge, arna mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a chinntiú go mbíonn daoine ar fáil atá cáilithe leis na scileanna Gaeilge is gá chun freastal ar riachtanais earcaíochta in Éirinn agus san AE araon. Faoin scéim seo, cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do raon sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal i réimsí ar nós an aistriúcháin, na hateangaireachta agus an dlí. Tá 8 gcúrsa ar fáil in 5 institiúid éagsúla faoin Tionscnamh Straitéiseach um an nGaeilge Ardleibhéal. Bhí 73 mac léinn cláraithe ar na cúrsaí seo in 2019/2020 agus 84 mac léinn cláraithe orthu in 2020/2021.

Dáileann an Roinn maoiniú athfhillteach ar an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) lena eisíocaíocht dhíreach chuig institiúidí ardoideachais atá ainmnithe ag an ÚAO. Déanann an ÚAO an maoiniú seo a dháileadh mar bhlocdheontas ar na hinstitiúidí. Mar chomhlachtaí uathrialaitheacha, is leis na hinstitiúidí aonair atá freagracht an maoiniú seo a íocaíocht, lena n-áirítear aon chaiteachas ar thionscnaimh um oideachas Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.